An dTiocfadh IS in Ionad Aistritheoirí Daonna

Ceist na huaire gan dabht. Cuirtear an cheist seo a leanas ar fheidhmeannaigh P-Leibhéil i gcónaí – nach féidir linn díreach IS a úsáid agus é a chur in ionad an aistriúcháin dhaonna, ar próiseas mall é?

Tá meaisíní i bhfad níos tapúla agus níos saoire ná daoine. Nílimid ag an bpointe sin go fóill, áfach. Cé go bhfuil meaisíní níos tapúla, déanann siad níos mó botún san aistriúchán agus níl siad in ann na botúin sin a sheiceáil – go fóill.

Cé gur féidir le IS cuidiú le cuid den bhunaistriúchán, tá bealach fada le dul fós sula mbeidh daoine imithe i léig.

Seo a leanas cuid de na príomhdhúshláin:

Miondifríocht agus Comhthéacs:

  • Níl IS in ann miondifríocht a chur in iúl. Tá rialacha uathúla gramadaí, séimeantaic, comhréir agus tionchair chultúrtha ag gach teanga. Tá cumas iontach ar aistritheoirí daonna an fhíneáltacht seo a thuiscint agus a léiriú go cruinn.
  • Tá comhthéacs cultúrtha ríthábhachtach san aistriúchán. Bíonn deacrachtaí ag meaisíní na miondifríochtaí cultúrtha a mhúnlaíonn úsáid teanga a thuiscint. Is féidir le daoine na difríochtaí sin a aithint go héasca.
  • Difríochtaí i bhfocail. I mBéarla, tá bríonna éagsúla ag an bhfocal ‘row’. 3 i ndiaidh a chéile, bhí troid againn lena chéile, bhí bád á iomramh againn. Aistriúcháin dhifriúla iad go léir. Bíonn meaisíní ag streachailt leis an gcineál aistriúcháin seo, nuair nach bhfuil an comhthéacs soiléir. .

Suibiachtúlacht agus Greann:

  • Cé go mbíonn IS iontach i dtascanna oibiachtúla (amhail ficheall a imirt nó galair a dhiagnóisiú), bíonn deacrachtaí aici fós le suibiachtúlacht agus greann. Is gnéithe daonna go domhain iad na gnéithe seo agus bíonn aistritheoirí daonna in ann neamhaird a thabhairt aghaidh d’algartaim dhaingne.
  • Is deacair greann a aistriú.
  • In Éirinn deirimid go bhfuil sé ag cur Cat agus Madraí nuair is ag cur báistí atá i gceist. Sa Fhrainc, deir siad gur ag cur Slabhraí agus Rópaí atá sé.

Solúbthacht agus Inoiriúnaitheacht:

  • Déanann aistritheoirí daonna oiriúnú d’athruithe ar ábhar agus ar threoir. Is féidir leo a gcur chuige a athrú bunaithe ar chomhthéacs, ar roghanna na gcliant, agus ar riachtanais a thagann chun cinn.
  • Níl an leibhéal solúbthachta agus inoiriúnaitheachta seo le fáil in aistriúcháin IS. Leanann siad patrúin réamhshainithe, agus tá gach seans nach dtagann na patrúin sin leis an teanga i gcónaí.

Cruinneas agus Barántúlacht:

  • Braitheann aistriúchán IS ar shamhlacha staidrimh agus algartaim. Cé go bhfuil feabhas suntasach tagtha uirthi, tá sí fós 60-90% cruinn.
  • Soláthraíonn aistritheoirí daonna leibhéal barántúlachta nach féidir le IS a chur ar fáil.

Blas Daonna

  • Tá ceangal mothúchánach tábhachtach sa chumarsáid. Is mór do chliaint an lorg daonna a léiríonn aistritheoirí daonna ina gcuid oibre.
  • Níl féidir le IS comhbhá a chur in iúl agus in amanna ní thugann sí an stíl is fearr nó fiú an stíl cheart don spriocléitheoir. Cuimhnigh go bhfuil an t-aistriúchán á léamh agus á úsáid ag do chustaiméirí, Daoine a bhfuil mothúcháin acu. Bíonn sé ríshoiléir do léitheoirí nuair nach mbíonn an blas daonna sin ar aistriúcháin, bíonn sé ríshoiléir.
Advert