Poist do Shaoraistritheoirí – Aistriúchán Béarla go Gaeilge

Táimid ag fostú le haghaidh Róil Láithreach | Bí mar chuid dár bhfoireann

Poist do Shaoraistritheoirí | Aistriúchán Béarla go Gaeilge

POST BEO – Tús Láithreach

An mbeadh suim agat seirbhísí aistriúcháin Béarla go Gaeilge a chur ar fáil do Rialtas na hÉireann?

Tá aistriúchán go Gaeilge á chur ar fáil againn ó 2001 i leith. Mar cheann de phríomhsholáthraithe seirbhísí aistriúcháin Gaeilge na hÉireann, táimid ag fás go tapa. Tá méadú faoi dhó, nach mór, tagtha ar ár bhfás le 6 mhí anuas.

Dá bharr sin, tá tionscadail láithreacha againn d’aistritheoirí agus do phrofléitheoirí gairmiúla Gaeilge. Ar mhaith leat a bheith mar chuid dár bhfoireann saoraistritheoirí?

Soláthraí Rialtais Formheasta

Is díoltóir aistriúcháin formheasta é STAR do Rialtas na hÉireann agus táimid mar bhall de Chreat Soláthraí oifigiúil an Rialtais le haghaidh Seirbhísí Aistriúcháin Gaeilge.

Tá cáil bainte amach againn maidir le haistriúchán Gaeilge ar ardchaighdeán agus táimid i gcónaí ag iarraidh saoraistritheoirí nua a fhostú dá bharr.  Beidh rochtain agat ar roinnt den téarmaíocht, de na córais agus na próisis aistriúcháin is fearr sa ghnó agus tú ag aistriú linn.

A bhuí leis sin, feabhsóidh tú do chuid scileanna agus tú ag obair linn. Cabhróidh ár bhfoireann díoltóra leat dul i mbun oibre go tapa agus cuirfimid oiliúint ar fáil de réir mar is gá chun tú a chur ar an eolas faoi na córais agus na próisis atá againn.

Mar aistritheoir gairmiúil Béarla go Gaeilge atá ag iarraidh do ghairm bheatha a fhorbairt, is féidir linn cabhrú leat.

Más mian leat a bheith ar ár bhfoireann, ba bhreá linn cloisteáil uait.

Riachtanais:

  • Cáilíocht iarchéime aitheanta san aistriúchán ó institiúid ardoideachais.
  • Taithí phraiticiúil ar uirlis CAT a úsáid – Bainimid úsáid as STAR Transit NXT
  • 3 bliana de thaithí ar an aistriúchán, go hidéalach
  • Bheadh Deimhniú Fhoras na Gaeilge mar bhuntáiste, ach níl sé riachtanach

Buntáistí:

  • Rochtain ar ár gcóras téarmaíochta agus cuimhne aistriúcháin úrscothach
  • Oibriú de réir chaighdeáin cháilíochta ISO9001 agus ISO17100
  • Teagmháil phearsanta leis an mbainisteoir táirgthe
  • Cuntas tairsí do sholáthraithe le haghaidh rochtain éasca ar thionscadail agus sonraí sonrasctha.
  • Trédhearcach – Íocaíochtaí in am.

Cuir iarratas isteach anois

Seol d’iarratas ar an ríomhphost le do CV chuig resources (ag) star-ts.com

Táimid mar bhall de STAR GROUP. Tá STAR ar cheann de na cuideachtaí aistriúcháin atá chun tosaigh ar leibhéal domhanda, le 50 oifig dhomhanda.