Cén fáth a bhfuil gá lena Athrú?
Tá an chúis a bhí leis an nuashonrú simplí go leor. Is rud beo í an teanga agus athraíonn agus fásann sí le himeacht ama. Go sóisialta, athróidh teanga. Sainmhínítear focail nua. Athraíonn an bealach a n-úsáideann na daoine a labhraíonn í go laethúil chomh maith. Mar sin, tá sé tábhachtach nuashonrú a dhéanamh ar chaighdeán ar bith de réir na n-athruithe sóisialta. Mar shampla, ceist amháin a tháinig chun cinn ná gur thosaigh roinnt leabhar gramadaí ag teacht salach ar a chéile le himeacht ama.
Ag Athrú de réir mar a Athraíonn an Saol
Aistríonn STAR ó Bhéarla go Gaeilge agus ó Ghaeilge go Béarla. Is Éireannaigh dhúchasacha iad ár n-aistritheoirí Gaeilge go léir agus oibríonn siad ar fad in Éirinn. I measc ár gcustaiméirí tá ranna san earnáil phoiblí agus rannaí rialtais, cuideachtaí príobháideacha, cuideachtaí fóntais, dearthóirí gréasáin agus gníomhaireachtaí fógraíochta atá lonnaithe anseo in Éirinn. Táimid bródúil as a bheith ag obair le go leor de Ranna Stáit na hÉireann.
Mar chuideachta aistriúcháin, ní mór dúinn muid féin a chur ar an eolas i gcónaí chun a bheith feasach ar athruithe teanga. Is Gaeilgeoir é ár stiúrthóir bainistíochta Damian Scattergood agus chuir sé a thuairimí in iúl ar an gcaighdeán ar TG4, an stáisiún teilifíse Gaeilge. Tá tuairimí agus léirmheas Damian ar an gcaighdeán ar fáil ar ár mblag i mBéarla agus i nGaeilge araon.
B’fhéidir gur mhaith leat na nithe seo a leanas a léamh freisin…