The words Nominative or Genitive with a picturesque Kerry background

Nuachtlitir 38 – Foirm an Ainmnigh in Ionad an Ghinidigh

Aoine Shona, a aistritheoirí! Fáilte ar ais chuig Nuachtlitir na hAoine le STAR. Inniu pléifimid cásanna ina bhfuil orainn foirm an ainmnigh a úsáid in ionad an ghinidigh. Seo ábhar a phléamar cheana ach is fiú súil úr a chaitheamh air.

Riail iontach tábhachtach í an riail seo ach déanann daoine dearmad uirthi go minic, mé féin san áireamh! I gcásanna áirithe, tá seans maith go gcuireann tú an riail seo i bhfeidhm i gceart gan smaoineamh air, fiú! Bíonn cásanna áirithe eile ann, áfach, nach mbíonn chomh nádúrtha sin dúinn. Seo thíos roinnt samplaí díobh sin.

1. Ag baint taitneamh as etc.

Ní chuirtear ainmfhocal sa tuiseal ginideach tar éis ainm briathartha más gá réamhfhocal nó frása réamhfhoclach a úsáid i ndiaidh an ainmfhocail sin le go mbeidh ciall leis.

Ag baint taitneamh as

Ag déanamh tagairt do

Ag déanamh dearmad ar

Ag fágáil slán ag/le

2. Cainníocht Chinnte i Liosta

Má bhíonn liosta d’ábhar agat agus focail a chuireann cainníocht chinnte in iúl rompu, ní dhéantar athrú an ghinidigh ar na hainmfhocail sin.

200g plúr

200ml bainne

3. Cainníocht Éiginnte agus Ainmfhocal Éiginnte

Ní dhéantar athrú an ghinidigh ar ainmfhocal éiginnte atá ag teacht ar lorg focal a chuireann cainníocht éiginnte/cainníocht ghinearálta in iúl má tá an t-ainmfhocal éiginnte sin cáilithe ag aidiacht nó ag ainmfhocal atá ag feidhmiú mar aidiacht.

Go leor mic léinn

Easpa airgead tirim

An-chuid mná Éireannacha

Má chuirtear aidiacht shealbhach roimh leithéidí cuid agus dóthain, ní cainníocht éiginnte a bhíonn iontu ach cainníocht chinnte, agus ní bhíonn an riail thuas i bhfeidhm a thuilleadh.

Mo chuid mac léinn

A cuid gruaige fada

Ár ndóthain gearán amaideach

4. Ainmneacha Comhlachtaí

Má tá ainmfhocal coiteann Gaeilge amháin in úsáid mar ainm comhlachta nó eagraíochta, ní dhéantar athrú an ghinidigh ar ainm an chomhlachta sin.

Oifigí Bóthar

Cruinnithe Misneach

Oibrithe Trócaire.

Ach mura ainmfhocal coiteann é, nó má tá níos mó ná ainmfhocal amháin san ainm, cuirtear sa tuiseal ginideach é.

Ceanncheathrú Ghaelchultúir,

Ócáid de chuid Ghlór na nGael

Foireann Chonradh na Gaeilge

Le haghaidh tuilleadh eolais maidir leis an riail ghramadaí seo, téigh chuig 3.3 sa Chaighdeán Oifigiúil.

An bhfuil tú ag iarraidh Aistriúcháin? Faigh tuilleadh eolais faoinár gcuid seirbhisí anseo.

Déan teagmháil linn ach an fhoirm seo a chomhlánú nó ríomhphost a sheoladh chuig [email protected]

Logo with "summer at" and a smiley yellow sun
Advert