Nuachtlitir 23 – An Chopail ‘Is’ san Aimsir Láithreach
Aoine Shona, a aistritheoirí! Fáilte ar ais chuig Nuachtlitir na hAoine le STAR. Inniu, caithfimid súil ar an gcopail san aimsir láithreach agus an tseachtain seo chugainn, díreoimid ar an aimsir chaite agus ar an modh coinníollach. Tá tuiscint ar an gcopail agaibh go léir ach tagann botúin aníos ó am go ham. Cuirfimid leigheas ar an scéal sin inniu.
Na Foirmeacha
Dearfach: Is/An/Gur(b)*
Diúltach: Ní/Nach
*Gur/Gurb
Cuireann gur agus gurb as aistritheoirí go minic. Measann daoine go n-úsáidtear gur roimh chonsain agus gurb roimh ghutaí. Níl sé chomh simplí sin, áfach.
(1) Úsáidtear gur roimh ainmfhocail dar tús guta, roimh réamhfhocail, roimh fhorainmneacha réamhfhoclacha agus roimh na dobhriathra ann agus ansin:
Ceapaim gur fear maith é.
Deir sé gur aisteoir é.
Ceapaim gur ag an amharclann a bhíonn sí.
Is dócha gur aicise a bheidh an bua.
Is léir gur ansin a bheidh an cheolchoirm.
(2) Úsáidtear gurb roimh aidiachtaí dar tús guta, roimh na forainmneacha ea, é, í, iad, eisean, ise, iadsan, agus roimh dhobhriathra dar tús guta (seachas ann agus ansin):
Measaim gurb álainn an áit í.
Deir sí gurb é an peileadóir is fearr ar an bhfoireann é.
Deirtear gurb annamh a bhíonn sé ar scoil.
Nóta: Tabhair aire agus dobhriathra á láimhseáil agaibh.
Ceisteanna agus Freagraí
(1) Nuair a thagann forainm díreach tar éis an nó nach, ní mór don fhorainm a bheith sa fhreagra. Bíonn sé seo an-tábhachtach agus foirmeacha cláraithe etc. á n-aistriú againn.
An í Síle an bainisteoir? Is í. Ní hí.
An iad sin na buachaillí cliste? Is iad/Ní hiad.
(2) Nuair a bhíonn ainmfhocail idir an nó nach agus an forainm, úsáidtear is ea nó ní hea sa fhreagra.
An dochtúir é Seán? Is ea/Ní hea.
(3) Nuair a bhíonn forainm réamhfhoclach (mar shampla, agat/agatsa, dúinn/dúinne, leat/leatsa), úsáidtear an forainm réamhfhoclach céanna sa fhreagra.
Níor cheart foirm threise den fhorainm réamhfhoclach a úsáid sa fhreagra.
An agatsa atá mo mhála? Is agam.
Nach dósan a thugtar na ticéid? Is dó.
(4) Nuair a bhíonn aidiacht díreach tar éis an nó nach, bíonn an aidiacht chéanna sa fhreagra. Ní chuirtear ‘h’ roimh aidiacht dar tús guta a leanann an chopail dhiúltach ‘ní’.
Nach deas an lá é? Is deas/Ní deas.
Nach álainn an scéal é? Is álainn/Ní álainn.
Más mian libh tuilleadh a léamh faoin ábhar seo, féach an Caighdeán Oifigiúil nó Gramadach Gan Stró. Feicfimid an tseachtain seo chugainn sibh chun an aimsir chaite agus an modh coinníollach a phlé.
An bhfuil tú ag iarraidh Aistriúcháin? Faigh tuilleadh eolais faoinár gcuid seirbhisí anseo.
Déan teagmháil linn ach an fhoirm seo a chomhlánú nó ríomhphost a sheoladh chuig [email protected]