Wooden numbers on black background

Nuachtlitir 21 – Bunuimhreacha a Scríobh

Aoine Shona, a aistritheoirí! Fáilte ar ais chuig Nuachtlitir na hAoine le STAR. Inniu táimid chun aghaidh a thabhairt ar na bunuimhreacha. Cé gur ábhar bunúsach go leor é, is ceann é a chruthaíonn fadhbanna arís is arís eile mar gheall ar an dá chóras atá ann: an córas seanbhunaithe agus an córas simplithe.

Bunuimhreacha 1-19

Sna cásanna seo, úsáidtear an córas seanbhunaithe ach tá dhá ghrúpa i gceist leo.

Grúpa 1: Ainmfhocail a leanann na gnáthrialacha

Is é atá i gceist leis na ‘gnáthrialacha’ ná go bhfágtar san uimhir uatha iad. Chomh maith leis sin, séimhítear consain a leanann na huimhreacha 2-6 agus cuirtear urú ar chonsain agus gutaí a leanann na huimhreacha 7-10.

Dhá bhád ach ocht mbád

Nóta: Níor chóir ‘t’ a chur roimh ‘s’, e.g. ocht siopa, agus ní dhéantar athrú ar ainmfhocal a leanann uimhir atá inroinnte ar a deich, e.g. fiche bosca, na mílte post, daichead bád.

Grúpa 2: Ainmfhocail a bhfuil leagan iolra ar leith acu

Is iad sin bliain, seachtain, ceann, cloigeann, fiche, pingin, trian, troigh agus uair. Ní mór dúinn a bheith an-chúramach agus muid ag déileáil leis na hainmfhocail áirithe sin. Bíodh 9.3.2 den Chaighdeán Oifigiúil ar oscailt agat agus tú ag aistriú.

Nóta: Is ionann na rialacha a bhíonn i gceist leis na bunuimhreacha a scríobh ina bhfigiúirí agus iad a scríobh ina bhfocail, e.g. 1 chapall, 3 bhád, 17 ngluaisteán, 19 mbliana.

Bunuimhreacha 20+

Le haghaidh na mbunuimhreacha 20+, bíonn rogha againn an córas seanbhunaithe nó an córas simplithe a úsáid. Níl córas amháin níos fearr ná córas eile ach ar mhaithe le leanúnachas, is é an córas simplithe a úsáidimid in STAR, mar atá luaite inár dtreoir stíle.

Sa chóras simplithe, bíonn an t-ainmfhocal san uimhir uatha i gcónaí, is cuma más ainmfhocal é a bhfuil leagan ar leith aige (e.g. bliain) nó más bunuimhir í atá inroinnte ar a deich, agus ní dhéantar aon athrú tosaigh air, e.g. fiche a haon capall, ochtó a sé bó, ochtó cloigeann.

Nuair is i bhfigiúirí atáimid ag scríobh, ní dhéantar athrú ar bith ar an ainmfhocal ach an oiread, e.g. 66 bliain.

Bunuimhreacha 100+

Arís, bíonn rogha againn an córas seanbhunaithe nó an córas simplithe a úsáid. Anseo ag STAR, is é an córas simplithe a bhíonn i bhfeidhm againn, e.g. céad nócha a haon méadar, 191 bád.

Is fiú go mór am a chaitheamh ar an ábhar seo agus do threoir féin a chur le chéile agus a bheith os do chomhair agus tú ag aistriú. Cuireann sé mearbhall orainn go léir ach caithfidh sé a bheith i gceart inár n-aistriúcháin.

An bhfuil tú ag iarraidh Aistriúcháin. Faigh tuilleadh eolais faoinár gcuid seirbhisí anseo.

Déan teagmháil linn ach an fhoirm seo a chomhlánú nó ríomhphost a sheoladh chuig [email protected]

Advert