Punctuation marks in black

Nuachtlitir 31 – Cúrsaí Poncaíochta

Aoine Shona, a aistritheoirí! Fáilte ar ais chuig Nuachtlitir na hAoine le STAR. Inniu, táimid chun díriú ar chúrsaí poncaíochta. Is ábhar é a chuireann mearbhall ar go leor dínn. Ar ámharaí an tsaoil, tá treoir iontach le fáil in Gramadach Gan Stró. Bíonn a stíl féin ag daoine éagsúla ach má bhíonn deacrachtaí agat le cúrsaí poncaíochta, d’fhéadfadh an méid thíos a bheith ina chabhair duit:

Lánstad:

1. Go hiondúil, ní chuirtear lánstad le nod. Is nod é leagan giorraithe d’fhocal atá comhdhéanta de chéad litir agus litir dheireanach an fhocail:

an Dr Seán Ó Bhroin

an tSr Bríd

2. Ní bhíonn lánstad tar éis acrainmneacha:

Imreoirí CLG

3. Cuirtear lánstad tar éis foirceannán (i.e. focail a bhfuil an deireadh gearrtha díobh).

Co. na Mí

An tOll. Pól Ó Sé

Spásáil:

1. Bíonn spás amháin tar éis na nithe seo a leanas: , . : ? !

2. Bíonn spás amháin roimh – agus ina diaidh:

Bhí an bhean álainn – a bhí 21 bliain d’aois ag an am – díreach tar éis pósadh.

3. Ní bhíonn spás ar bith roimh nó i ndiaidh /.

Camóg:

1. Úsáidtear camóg tar éis réamhfhrásaí:

Nuair a chríochnaigh mé leis an obair, chuaigh mé amach i gcomhair béile.

2. Úsáidtear dhá chamóg i lár abairte sa chás go bhfuil clásal nó frása i gceist nach bhfuil riachtanach chun ciall a bhaint amach as an abairt:

Beidh Liam, atá ina mhúinteoir, ag bogadh go Baile Átha Cliath.

3. Ní úsáidtear camóga atá riachtanach do bhrí abairte:

Tá an bronntanas a fuair mé go hálainn ar fad.

4. Cuirtear camóg idir míreanna i liosta ach ní chuirtear camóg roimh agus, nó, ná ná.

5. Úsáidtear camóga idir áitainmneacha, laethanta agus dátaí agus teidil a théann le hainmneacha:

Beidh an cheolchoirm ar siúl Dé Sathairn, an 12 Iúil 2024.

Beidh Helen McEntee, TD, i láthair ag an ócáid.

6. Ní bhíonn gá le camóg nuair a thagann an mhí agus an bhliain le chéile in abairt:

Beidh an bóthar dúnta ó mhí na Samhna 2024 ar aghaidh.

7. Úsáidtear camóg roimh chomhartha athfhriotail:

“D’éirigh liom,” a dúirt sé, “an chéim a bhaint amach.

Molaim daoibh súil a chaitheamh ar na leideanna eile atá le fáil in Gramadach Gan Stró. Tá treoir stíle foilsithe ag An Gúm freisin.

An bhfuil tú ag iarraidh Aistriúcháin? Faigh tuilleadh eolais faoinár gcuid seirbhisí anseo.

Déan teagmháil linn ach an fhoirm seo a chomhlánú nó ríomhphost a sheoladh chuig [email protected]

Advert