Entries by Alexandra

,

Nuchatlitir 32 – Taighde

Aoine Shona, a aistritheoirí! Fáilte ar ais chuig Nuachtlitir na hAoine le STAR. Inniu, ba mhaith liom an tábhacht a bhaineann le taighde agus conas an taighde sin a dhéanamh a phlé libh. Tá an t-ábhar seo pléite againn cheana ach is fiú go mór súil úr a chaitheamh air.

,

Nuachtlitir 31 – Cúrsaí Poncaíochta

Aoine Shona, a aistritheoirí! Fáilte ar ais chuig Nuachtlitir na hAoine le STAR. Inniu, táimid chun díriú ar chúrsaí poncaíochta. Is ábhar é a chuireann mearbhall ar go leor dínn. Ar ámharaí an tsaoil, tá treoir iontach le fáil in Gramadach Gan Stró. Bíonn a stíl féin ag daoine éagsúla ach má bhíonn deacrachtaí agat le cúrsaí poncaíochta, d’fhéadfadh an méid thíos a bheith ina chabhair duit:

,

Nuachtlitir 30 – Athruithe Tosaigh: Ainmfhocal Baininscneach

Aoine shona, a aistritheoirí! Fáilte ar ais chuig Nuachtlitir na hAoine le STAR. Tá athruithe tosaigh ar ainmfhocail bhaininscneacha á bplé againn inniu. De réir an Chaighdeáin, má tá ainmfhocal (nach ainmfhocal cinnte) sa ghinideach faoi réir ag ainmfhocal baininscneach uatha (nach bhfuil sa ghinideach), is gnách séimhiú a chur air, e.g. tuarascáil pharlaiminte, mí ghealaí.

,

Nuachtlitir 29 – Botúin Choitianta

Aoine Shona, a aistritheoirí! Fáilte ar ais chuig Nuachtlitir na hAoine le STAR. Beidh sibh sásta a fheiceáil nach bhfuil an clásal coibhneasta á phlé againn arís inniu. Ina ionad sin, táimid chun súil thapa a chaitheamh ar bhotúin a fheictear go minic i scríobh na Gaeilge. Dianchúrsa atá ann!

Tá an-chuid de na botúin seo le fáil in Cruinneas le hAntain Mac Lochlainn. Leabhar iontach é. Mura bhfuil an leabhar féin agat, is féidir teacht ar leagan ar líne anseo.

,

Nuachtlitir 25 – Comhfhocail

Aoine Shona, a aistritheoirí! Fáilte ar ais chuig Nuachtlitir na hAoine le STAR. Inniu táimid chun díriú ar chomhfhocail. Mar a luaitear sa Chaighdeán Oifigiúil, ‘déantar comhfhocal nuair a cheanglaítear dhá fhocal nó níos mó le chéile’. Tá comhfhocail an-choitianta ar fad i scríobh na Gaeilge agus mar sin ní mór iad a bheith i gceart againn.