Nuachtlitir 39 – Botúin Choitianta
Aoine Shona, a aistritheoirí! Fáilte ar ais chuig Nuachtlitir na hAoine le STAR. Inniu, caithfimid súil thapa ar bhotúin a dhéantar go minic i scríobh na Gaeilge.
1. Den Chéad Uair
Is minic a fheictear ‘don chéad uair’ ach is ‘den chéad uair’ atá ceart.
2. Séimhiú i nDiaidh ‘uile’
Déanann aistritheoirí dearmad go minic séimhiú a chur ar thúschonsain tar éis ‘uile’. E.g. gach uile dhuine, gach uile phost.
3. ‘Tar éis sin’
Bíonn ‘tar éis é sin’ le feiceáil go minic ach is é an leagan ceart ná ‘tar éis sin’.
4. Áfach agus Freisin
Níl sé ceart ‘áfach’ nó ‘freisin’ a chur ag tús abairte. Ba cheart iad a chur ag deireadh clásail nó abairte.
5. Iolra Giorrúchán
Ba cheart ‘-nna’ a chur le giorrúcháin a chríochnaíonn ar ghuta agus ‘-anna’ a chur le giorrúcháin a chríochnaíonn ar chonsan. E.g. na ROnna, na DVDanna.
Bíodh deireadh seachtaine saoire bainc álainn agaibh!