Nuachtlitir 36 – Focail Ilchiallacha
Aoine Shona, a aistritheoirí! Fáilte ar ais chuig Nuachtlitir na hAoine le STAR. Inniu, díreoimid ar fhocail ilchiallacha a bhíonn orainn a bheith ag faire amach dóibh agus muid ag aistriú. Is as Cruinneas le hAntain Mac Lochlainn atá na samplaí seo thíos. Is léitheoireacht riachtanach d’aistritheoirí é an leabhar sin.
1. Commitment
Cuireann commitment mearbhall ar aistritheoirí go minic. Ní mór dealú a dhéanamh idir na cialla gaolmhara seo:
A promise (gealltanas)
An obligation (dualgas, ceangaltas)
Dedication to an aim (tiomantas, dúthracht)
2. Réasúnach/réasúnaíocht/réasúnta
Bíonn sé deacair idirdhealú a dhéanamh idir ‘réasúnta’ agus ‘réasúnach’. Is é atá i gceist le ‘réasúnach’ ná using reason, rational. Tá an abairt seo a leanas go hiomlán cruinn, mar sin:
‘Féadfar an t-iarratas pleanála a iniúchadh, nó a cheannach ar tháille nach mó ná an costas réasúnach a bhainfidh le cóip a dhéanamh.’
Bheadh sé níos fearr, mar sin, ‘réasúnta’ a úsáid i gcás daoine, mar shampla:
‘Is daoine réasúnta iad na múinteoirí.’
Is téarma fealsúnachta é ‘réasúnaíoch’ a chiallaíonn rationalistic.
3. Eispéireas/Taithí
Tá dhá chiall leis an bhfocal experience sa Bhéarla – experience ar obair nó ar mhodh maireachtála, nó rud a bhrath nó blaiseadh de rud, mar a thugann Mac Lochlainn air. Ní mór an difríocht sin a thabhairt slán agus muid ag aistriú ó Bhéarla go Gaeilge.
‘B’eispéireas é a d’athraigh mo shaol.’
ACH
‘Íocfar tuarastal de réir na taithí.’
Comhshaol/Imshaol/Timpeallacht
Cuireann Mac Lochlainn in iúl go n-úsáidtear ‘timpeallacht’ sa teanga fhoirmiúil chun tagairt a dhéanamh don immediate environment. Mar shampla:
‘Bíonn tionchar ag timpeallacht leanaí ar a bhforbairt.’
Ba cheart ‘comhshaol’ a úsáid agus tú ag déanamh tagairt don éiceolaíocht, mar shampla:
‘Pléadh téamh domhanda agus ceisteanna eile comhshaoil.’
Níl ‘imshaol’ in úsáid a thuilleadh ach ní mór cloí leis i dteidil oifigiúla, mar shampla:
‘Coiste an Churaclaim d’Oideachas Sóisialta, Imshaoil agus Eolaíochta’
Le haghaidh tuilleadh samplaí agus leideanna iontacha eile, aimsigh cóip de Cruinneas le hAntain Mac Lochlainn.
An gairmí cáilithe teanga thú? Déan iarratas le bheith i do bhall dár bhfoireann saoroibrithe!
Comhlánaigh an fhoirm chláraithe agus seol do CV chugainn anseo.