Nuachtlitir 30 – Athruithe Tosaigh: Ainmfhocal Baininscneach
Aoine shona, a aistritheoirí! Fáilte ar ais chuig Nuachtlitir na hAoine le STAR. Tá athruithe tosaigh ar ainmfhocail bhaininscneacha á bplé againn inniu. De réir an Chaighdeáin, má tá ainmfhocal (nach ainmfhocal cinnte) sa ghinideach faoi réir ag ainmfhocal baininscneach uatha (nach bhfuil sa ghinideach), is gnách séimhiú a chur air, e.g. tuarascáil pharlaiminte, mí ghealaí.
É sin ráite, tá roinnt eisceachtaí ann a chuireann mearbhall orainn go léir. Ní mór dúinn súil a choinneáil orthu. Seo thíos roinnt samplaí de na heisceachtaí sin:
Má chríochnaíonn an chéad ainmfhocal ar d, n, t, l nó s agus má thosaíonn an dara hainmfhocal ar d, t nó s: “saotharlann taighde”, “an Chúirt Dúiche”.
Má thosaíonn an dara hainmfhocal ar ‘f’: “oíche filíochta”, “teicneolaíocht faisnéise”.
Más sa ghinideach iolra atá an dara hainmfhocal: “scoil buachaillí”, “traein paisinéirí”.
Más ainmfhocal teibí atá bunaithe ar aidiacht an chéad ainmfhocal: “áilleacht ceantair”, “sábháilteacht bóthair”.
Má tá ainmfhocal éiginnte ar lorg ainm briathartha a bhfuil an réamhfhocal ‘ag’ roimhe i gceist: “ag tiomáint bus”, “ag seinm ceoil”.
I ndiaidh na bhfocal seo: aicme, comhairle, corparáid, cuideachta, earnáil, feidhmeannacht, foireann, gníomhaireacht, institiúid, oifig, rannóg, roinn, scéim, seirbhís: “scéim marcála”, “foireann bainistíochta”.
Má tá an dara hainmfhocal, atá sa ghinideach, cáilithe le hainmfhocal eile nó le haidiacht: “oíche gaoithe móire”, “obair tionscadail aistriúcháin”.
Má tá brí cainníochta éiginnte leis an gcéad ainmfhocal, e.g., breis bainne, roinnt cáise.
Féach 10.2.7 den Chaighdeán Oifigiúil le haghaidh tuilleadh eisceachtaí a bhaineann le hainmfhocal éiginnte atá faoi réir ag ainmfhocal baininscneach: https://data.oireachtas.ie/ie/oireachtas/caighdeanOifigiul/2017/2017-08-03_an-caighdean-oifigiuil-2017_en.pdf
An gairmí cáilithe teanga thú? Déan iarratas le bheith i do bhall dár bhfoireann saoroibrithe!
Comhlánaigh an fhoirm chláraithe agus seol do CV chugainn anseo.