Nuachtlitir 28 – An Clásal Coibhneasta 2
Aoine Shona, a aistritheoirí! Fáilte ar ais chuig Nuachtlitir na hAoine le STAR. Mar a gheall mé, tá nuachtlitir eile ar an gClásal Coibhneasta agam daoibh. Ar aghaidh linn!
Ar dtús, tá dhá liosta agam daoibh. Úsáidtear clásal coibhneasta díreach tar éis na bhfocal seo a leanas:
Cathain
Cé chomh minic is
Cá fhad/cén fhad
Cá mhéad/cé mhéad
Cá huair/cén uair
Conas
Mar
Nuair
Cé + an mhír choibhneasta a
Cad + an mhír choibhneasta a
Céard + an mhír choibhneasta a
Cad é mar + an mhír choibhneasta a
Seo thíos samplaí i ngach aimsir:
Tabhair faoi deara go n-úsáidtear an mhír choibhneasta a roimh gach briathar, rialta agus neamhrialta i ngach aimsir.
Cén uair a bhuail sí leis? AC
Cathain a théann tú ansin? AL
Cén fhad a mhairfidh an dráma? AF
Cén t-am a bheifeá ansin dá bhfágfá ag a naoi a chloig? MC
Céard a bhíodh ar siúl ansin? AGC
Úsáidtear clásal coibhneasta indíreach tar éis na bhfocal seo a leanas:
Cé + forainm réamhfhoclach
Cad + forainm réamhfhoclach
Céard + forainm réamhfhoclach
An áit, cén áit, cá háit
An chaoi, cén chaoi
An fáth, cén fáth
Cad chuige, tuige
An tslí, cén tslí
Seo thíos roinnt samplaí i ngach aimsir:
Tabhair faoi deara go mbíonn ar roimh bhriathra rialta agus roimh chuid de na briathra neamhrialta san aimsir chaite ach go mbíonn a roimh chuid eile de na briathra neamhrialta.
Cén chaoi ar bhuail sibh le chéile? AC
Cén fáth a ndúirt tú sin? AC
Cén tslí ar tháinig tú? AC
Bíonn urú ar na briathra sna haimsirí eile agus úsáidtear an mhír a.
Cad chuige a n-itheann tú an bia sin? AL
Cén fáth a ndéarfaidh tú é sin? AF
Cé dó a dtabharfá an t-airgead? MC
Cén áit a dtéadh sibh ar saoire? AGC
An tseachtain seo caite, luaigh mé go bhfuil abairtí ann a mbíonn rogha agat clásal coibhneasta díreach nó indíreach a úsáid. É sin ráite, ní mór duit a chinntiú nach mbíonn débhríocht i gceist mar gheall ar an gclásal a roghnaíonn tú. Leis sin a dhéanamh, ní mór duit ról na n-ainmfhocal in abairt a thuiscint.
Tóg ‘Sin é an fear a bhuail an carr’ mar shampla. D’fhéadfadh That’s the man who hit the car a bheith mar aistriúchán air sin ach is mian linn That’s the car whom the car hit a chur in iúl. Chun an débhríocht sin a sheachaint, ba cheart an clásal indíreach a úsáid: Sin an fear ar bhuail an carr é.
Sampla eile ná ‘Sin í an bhean a ghortaigh an madra’. Ba mhaith linn a chur in iúl go bhfuil an bhean gortaithe, seachas an madra. Mar sin, is fearr an clásal coibhneasta díreach a úsáid; Sin í an bhean ar ghortaigh an madra í.
Tá súil agam go bhfuil an méid sin soiléir, a chairde. Ábhar casta é gan dabht ar bith. Déanfaidh mé iarracht ábhar níos spraíúla a roghnú an tseachtain seo chugainn! Idir an dá linn, bíodh deireadh seachtaine álainn agaibh.
An bhfuil tú ag iarraidh Aistriúcháin? Faigh tuilleadh eolais faoinár gcuid seirbhisí anseo.
Déan teagmháil linn ach an fhoirm seo a chomhlánú nó ríomhphost a sheoladh chuig [email protected]