Two hands holding jigsaw pieces

Nuachtlitir 25 – Comhfhocail

Aoine Shona, a aistritheoirí! Fáilte ar ais chuig Nuachtlitir na hAoine le STAR. Inniu táimid chun díriú ar chomhfhocail. Mar a luaitear sa Chaighdeán Oifigiúil, ‘déantar comhfhocal nuair a cheanglaítear dhá fhocal nó níos mó le chéile’. Tá comhfhocail an-choitianta ar fad i scríobh na Gaeilge agus mar sin ní mór iad a bheith i gceart againn.

Séimhítear an dara focal i gcomhfhocal, e.g., rósghairdín, ach amháin nuair a thagann d, n, t, l nó s le chéile, e.g., bunscoil.

De réir an Chaighdeáin Oifigiúil, úsáidtear fleiscín sna cásanna seo a leanas:

Idir dhá ghuta, e.g., mí-ádh;

Idir comhchonsain, e.g., droch-chaint, gearr-rás;

Idir dhá réimír, e.g., sin-seanathair;

I gcásanna ina bhfuil baol ann go mbeadh an comhfhocal do-aitheanta mura bhfuil fleiscín ann, i.e., idir na réimíreanna do-, fo-, so- agus focail dar tús bha-, bhla-, bhra-, dha-, gha-, ghla-, ghra-, mha-, e.g., do-ghlanta, fo-bhaile;

I dteidil shainiúla a bhfuil ceannlitreacha orthu, e.g., an Príomh-Aire, an Ard-Chúirt;

I ndiaidh an- agus dea-, e.g., an-aimsir, dea-bhéas. Ní shéimhítear an dara focal i gcomhfhocal i ndiaidh an- nuair a thagann d, t, nó s ar a lorg, e.g., an-drochaimsir

Nóta:

Cuirtear dhá fhleiscín i gcomhfhocal nuair atá gá leis ó thaobh soiléireachta de, e.g., an Leas-Phríomh-Aire, an-droch-chaint

Ní gá fleiscín a chur i dtéarma riaracháin ina bhfuil níos mó ná réimír amháin má tá brí an téarma soiléir gan é, e.g., comhfhochoiste, roghfhochoiste.

Má thagann iar- roimh theideal a thosaíonn ar cheannlitir, ní gá fleiscín a chur idir iar- agus an teideal, e.g., an t-iarArd-Reachtaire.

Déanann Antain Mac Lochlainn plé iontach ar chomhfhocail ina leabhar Cruinneas. Seo thíos achoimre ar an méid a luann sé.

Inscne an Chomhfhocail

Is é an dara mír i gcomhfhocal a chinneann inscne an chomhfhocail sin. Mar sin, cé go gcloistear ‘breithlá shona’, is é ‘breithlá sona’ atá ceart toisc gur focal firinscneach é ‘lá’. Tá an rud céanna i gceist le ‘Bangharda’. Is focal firinscneach é ‘garda’ agus mar sin is focal firinscneach é ‘Bangharda’.

Luann Mac Lochlainn go bhfuil eisceachtaí ann. Mar shampla, is focal baininscneach é ‘Bantiarna’.

Comhfhocal a Bhriseadh

Cé go bhfeictear an struchtúr ‘pre- and post-‘ i mBéarla go minic, ní oibríonn an struchtúr céanna i nGaeilge. Cruthaíonn sé fadhbanna ó thaobh gramadaí agus soiléireachta de. Is é an sampla a thugann Mac Lochlainn ná ‘Pre- and post-Conference trips’. Ní Gaeilge mhaith é ‘Turais réamh agus iar-Chomhdhála’. Is fearr i bhfad an struchtúr sin a sheachaint ar fad agus ‘Turais roimh an gComhdháil agus ina diaidh’ a scríobh.

Comhfhocal nó Péire Ainmfhocal?

I gcásanna áirithe, ní bhíonn difear mór le haithint idir comhfhocal nó péire ainmfhocal, e.g., córas ríomhaireachta agus ríomhchóras. Uaireanta, áfach, bíonn sé i bhfad níos soiléire comhfhocal a úsáid chun débhríocht a sheachaint. Is é an sampla a thugann Mac Lochlainn ná ‘file sharing’. Tá comhroinnt comhad deas soiléir ach d’fhéadfadh míthuiscint a bheith i gceist le roinnt comhad.

Más mian libh tuilleadh staidéir a dhéanamh ar an ábhar seo, molaim go mór Cruinneas le hAntain Mac Lochlainn a léamh. Ina ionad sin, is féidir libh dul go 2.1.7 sa Chaighdeán Oifigiúil.

An bhfuil tú ag iarraidh Aistriúcháin? Faigh tuilleadh eolais faoinár gcuid seirbhisí anseo.

Déan teagmháil linn ach an fhoirm seo a chomhlánú nó ríomhphost a sheoladh chuig [email protected]

Advert