Nuachtlitir 24 – An Chopail san Aimsir Chaite agus sa Mhodh Coinníollach

Aoine Shona, a aistritheoirí! Fáilte ar ais chuig Nuachtlitir na hAoine le STAR. Mar a dúirt mé an tseachtain seo caite, táimid chun díriú ar an gcopail san aimsir chaite agus sa mhodh coinníollach inniu. Mura bhfuil nuachtlitir na seachtaine seo caite léite agaibh, molaim daoibh súil a chaitheamh uirthi.

Na Foirmeacha

Roimh Chonsain agus roimh fl-, fr-:

Dearfach: Ba

Diúltach: Níor

Ceisteach: Ar

Ceisteach Diúltach: Nár

Spleách: Gur

Roimh ghutaí agus roimh f + guta:

Dearfach: B’

Diúltach: Níorbh

Ceisteach: Arbh

Ceisteach Diúltach: Nárbh

Spleách: Gurbh

Séimhítear túschonsain tar éis na bhfoirmeacha éagsúla den chopail san aimsir chaite:

Ba dhuine cliste é

Ba fhreagra iontach é

Níor mheicneoir maith é

Ar mháthair dheas í?

Nár mhac léinn i gColáiste na Tríonóide é?

Tá sé ráite gur dhrochdhuine amach is amach í.

Roimh ghutaí agus roimh f + guta:

B’iontach an dráma é

Níorbh eol dom go raibh margadh ar siúl

Níorbh fhéidir léi a bheith anseo inniu

Arbh eisean an peileadóir is fearr?

Arbh fhearr leat gloine fíona?

Nárbh álainn an lá é!

Shíl mé gurbh oideoir í.

Tábhachtach: Úsáidtear ba seachas b’ roimh ghutaí agus roimh f + guta sna cásanna seo a leanas:

1. Roimh na forainmneacha pearsanta, e.g. Ba iad na buachaillí a d’fhreastail ar an scoil mór.

2. Roimh na réamhfhocail, e.g. Ba ar an mbord a bhí an leabhar.

3. Roimh na forainmneacha réamhfhoclacha, e.g. Ba ortsa a bhí an t-ádh.

4. Roimh dhobhriathra, e.g. Ba inné a bhí an cluiche ar siúl.

Ceisteanna agus Freagraí san Aimsir Chaite agus sa Mhodh Coinníollach

Arbh í Caitríona an t-amhránaí is fearr sa chór? Ba í/Níorbh í (Ainmfhocail Chinnte)

Ar dhuine dathúil é? Ba ea/Níorbh ea (Ainmfhocail Éiginnte)

Nárbh fhearr duit dul chuig an ospidéal? B’fhearr/Níorbh fhearr

Más mian libh cleachtadh a dhéanamh ar an ábhar seo, tá cleachtaí le fáil in Gramadach Gan Stró. Seo thíos cúpla sampla daoibh.

1. Dúradh _____ iad Ciarán agus Gearóid an bheirt ab fhearr sa rang.

2. _____ iadsan a dhéanadh an obair go léir.

3. _____ deirfiúracha iad?

An raibh aon deacrachtaí agaibh leo siúd? Má theastaíonn tuilleadh eolais uaibh, féach ACO Caibidil 7.

An leanann tú ar LinkedIn muid?

Coinnigh ar an eolas faoin ár gcuid nuachta agus glac páirt sa chomhrá inniu!

Ná dean dearmad ar chlárú lenár nuachtlitir sheachtainiúil Ghaeilge anseo!

Advert