Alarm clock and papers on desk

Nuachtlitir 22 – An Aimsir Ghnáthchaite agus an Aimsir Ghnáthláithreach

Aoine Shona, a aistritheoirí! Fáilte ar ais chuig Nuachtlitir na hAoine le STAR. Inniu, táimid chun aghaidh a thabhairt ar an aimsir ghnáthchaite. Is aimsir í nach mbíonn tuiscint cheart ag daoine uirthi. Táimid chun an scéal sin a réiteach inniu. Bíonn tuiscint níos fearr ag daoine ar an aimsir ghnáthláithreach ach caithfimid súil uirthi freisin.

An Aimsir Ghnáthchaite

Cuireann an aimsir ghnáthchaite as aistritheoirí go minic toisc nach mbíonn sí chomh soiléir sa Bhéarla is atá sí sa Ghaeilge. An fhadhb is mó a bhaineann léi ná nach mbíonn a fhios ag daoine cathain ba cheart dóibh í a úsáid. Mar a luaitear in Gramadach Gan Stró, úsáidtear an aimsir ghnáthchaite chun tagairt do ghníomhartha a tharlaíodh go rialta san am a chuaigh thart. Seo thíos samplaí maithe ó aistear.ie ina dteastaíonn an aimsir ghnáthchaite (seachas an aimsir chaite).

An Bhreatain a cheannaíodh formhór mór earraí easpórtála na hÉireann, fiú i ndiaidh bhunú Shaorstát Éireann.

Thug sé faoi deara go raibh an bhásmhaireacht ghinearálta níos airde i measc staonairí ó alcól ná mar a bhí ina measc siúd a d’óladh méid measartha anois is arís.

Díreach cosúil leis na haimsirí eile, tá dhá réimniú i gceist leis an aimsir ghnáthchaite: an chéad réimniú agus an dara réimniú. Anuas air sin, bíonn foirm ar leith ag na briathra neamhrialta. Mura bhfuil siad sin go léir ar eolas agaibh, bíodh focloir.ieteanglann.ie os do chomhair agus tú ag aistriú.

Úsáidtear ‘an‘ agus ceisteanna á gcur san aimsir ghnáthchaite agus uraítear consain a leanann é. Ní dhéantar athrú ar bith ar bhriathra a thosaíonn le guta i ndiaidh ‘an‘:

An bhfeicidís í gach lá?

An éistidís le go leor ceoil ansin fadó?

Nóta: Bíonn rogha agat idir an fhoirm tháite (e.g. Théimis ann) agus an fhoirm scartha (e.g. Théadh muid ann) sa chéad phearsa iolra. Tá an dá cheann go hiomlán ceart ach ar mhaithe le leanúnachas, úsáideann aistritheoirí STAR an fhoirm tháite.

Ní mór dúinn an aimsir ghnáthchaite a aithint sa bhunteanga agus í a aistriú i gceart sa sprioctheanga.

An Aimsir Ghnáthláithreach

Bíonn an aimsir ghnáthláithreach ar eolas ag an gcuid is mó de dhaoine fiú i ngan fhios dóibh féin. Úsáidtear í nuair is ag tagairt do ghníomhartha a ndéantar go rialta atáthar. Uaireanta, bíonn frásaí ama, e.g. ‘in amanna, i gcónaí, de ghnáth, an chuid is mó den am’ san abairt lena gcuirtear in iúl gurb í an aimsir ghnáthláithreach atá in úsáid. Tá an aimsir ghnáthláithreach sna habairtí seo a leanas:

Ní théim amach de ghnáth.

An mbíonn tú ag éisteacht leis an raidió?

Iarraim oraibh go léir a chinntiú go dtuigeann sibh na haimsirí áirithe sin i mBéarla agus i nGaeilge le go n-úsáidfidh sibh an aimsir cheart in bhur n-aistriúcháin.

An bhfuil tú ag iarraidh Aistriúcháin? Faigh tuilleadh eolais faoinár gcuid seirbhisí anseo.

Déan teagmháil linn ach an fhoirm seo a chomhlánú nó ríomhphost a sheoladh chuig [email protected]

Advert