Nuachtlitir 19 – Réamhfhocail
Aoine Shona, a aistritheoirí! Fáilte ar ais chuig Nuachtlitir na hAoine le STAR. Inniu, táimid chun réamhfhocail a phlé. Níl siad chomh héasca is a mheastar! Tá roinnt eisceachtaí ann a chuireann mearbhall ar aistritheoirí go minic. Is fiú go mór na rialacha a chur chun cuimhne arís.
Nílim chun leadrán a chur oraibh ag míniú go dtógann ‘do’ agus ‘faoi’ séimhiú. Tá an méid sin ar eolas agaibh. Seachas sin, ba mhaith liom díriú ar na réamhfhocail sin a chuireann séimhiú ar na focail a leanann iad cuid den am. Is iad sin ar, gan, idir thar agus um. Tá míniú cuimsitheach orthu ar fáil in Gramadach Gan Stró le hÉamonn Ó Dónaill agus tá roinnt samplaí ón leabhar sin le feiceáil thíos.
Ar
Leanann séimhiú ar más ionad áirithe atá ann, e.g. Tá áthas ar Mháire.
Ní leanann séimhiú ar sna cásanna seo a leanas:
más ionad ginearálta atá ann, e.g. ar bord
má tá staid nó coinníoll i gceist, e.g. ar ceal
má tá am i gceist, e.g. ar maidin
Nóta: Má tá an t-ainmfhocal cáilithe, leanann séimhiú e.g. ar conradh ach ar chonradh sealadach. Is eisceachtaí iad ar ball beag agus ar bord loinge.
Gan
Leanann séimhiú ainmfhocail aonair dar tús b, c, g, m nó p. e.g. gan chead
Ní shéimhítear ainmfhocail a thosaíonn le d, f, s nó t. Is eisceachtaí iad gan fhios agus gan fháil.
Ní chuirtear séimhiú ar ainmfhocail a leanann aidiacht nó fochlásal é nó más ainm dílis, e.g. gan phingin ach gan pingin rua. Gan Máire
Idir
Leanann séimhiú idir nuair a bhíonn “araon” i gceist, e.g. bhí idir fhir agus mhná ann.
Ní shéimhítear idir nuair a bhíonn “eatarthu“, am nó spás i gceist leis, e.g. idir Doire agus Gaoth Dobhair.
Ní leanann séimhiú ainmfhocal a thagann i ndiaidh agus nó is má thosaíonn sé le d, s nó t. e.g. idir shúgradh is dáiríre
Thar
Leanann séimhiú thar an chuid is mó den am, go háirithe nuair a thagann ainmfhocal dílis nó ainmfhocal cinnte ina dhiaidh, e.g. thar bhalla.
Ní leanann séimhiú thar nuair is frása áirithe a bhfuil ainmfhocal éiginnte ann agus a mbaineann brí ginearálta leis atá i gceist nó nuair atá an réamhfhocal comhshuite thar ceann i gceist, e.g. Bhí an bia thar barr.
Um
Leanann séimhiú ainmfhocail a thosaíonn leis na consain c, d, f, g, s agus t, e.g. Beidh sé ann um thráthnóna
Ach
An tAcht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí 2004
Réamhfhocail eile a chruthaíonn fadhbanna ná i/in agus trí.
I/in
Is é i a scríobhtar roimh chonsan de ghnáth, e.g. i mBaile Átha Cliath.
Déanann daoine dearmad uaireanta go n-úsáidtear in ní hamháin roimh ghuta ach roimh theideal leabhair, scannáin, etc. e.g. Is í Rachel Greene an carachtar is fearr liom in Friends.
Úsáidtear in roimh áitainmneacha thar lear nach ainmneacha tíortha iad agus nach bhfuil leagan Gaeilge díobh ann e.g. in San Franciso
Trí
Úsáidtear trí roimh ainmfhocail agus leis an bhfoirm iolra den alt.
trí thine
trí na páirceanna
Úsáidtear tríd leis an alt uatha. Botúin a fheictear go minic ná tríd a úsáid leis an alt iolra (na).
Chualathas a guth tríd an ngleo.
Féach air trí na gloiní.
Agus sibh ag aistriú, déan cinnte go bhfuil na réamhfhocail shimplí sin go léir i gceart agat. Tagann botúin aníos minic go leor!
An gairmí cáilithe teanga thú? Déan iarratas le bheith i do bhall dár bhfoireann saoroibrithe!
Comhlánaigh an fhoirm chláraithe agus seol do CV chugainn anseo.