Woman in sunny field

Nuachtlitir 26 – An Saorbhriathar

Aoine shona, a aistritheoirí! Fáilte ar ais chuig Nuachtlitir na hAoine le STAR. Inniu, táimid chun an saorbhriathar a phlé agus díreoimid go háirithe ar cathain an saorbhriathar a úsáid.

Úsáidtear an saorbhriathar nuair nach bhfuiltear ag iarraidh gníomhaí pearsanta a lua nó nuair nach eol cé hé an gníomhaí, e.g., Maraíodh an bhean inné. Uaireanta, feictear abairtí amhail ‘Leagadh an gluaisteán é’. Ní briathar ‘saor’ a thuilleadh é ‘leagadh’ toisc gurb é ‘an gluaisteán’ gníomhaí na habairte. Tá lorg an Bhéarla ríshoiléir anseo (He was knocked down by a car). Ba cheart a leithéid a sheachaint agus ‘Leag gluaisteán é’ a scríobh ina áit.

Glacaim leis go bhfuil foirmeacha an tsaorbhriathair sna haimsirí éagsúla go léir ar eolas agaibh ach ná déanaigí dearmad nach gcuirtear séimhiú ar an saorbhriathar san aimsir chaite! (e.g., caitheadh). Is botún coitianta é sin. Botún coitianta eile ná go meascann daoine an aidiacht bhriathartha agus an saorbhriathar. Bíonn míthuiscint i gcónaí ann ina leith sin. Táimid chun an scéal sin a réiteach inniu.

Ábhar casta go leor é rogha a dhéanamh idir an saorbhriathar agus an aidiacht bhriathartha. Cuireann sé as aistritheoirí go minic, mé féin san áireamh. Tá míniú deas soiléir le fáil ar aistear.ie. Úsáidtear an saorbhriathar nuair is gníomh atá i gceist (seachas staid). Sampla maith a mhínítear san fhíseán seo ná ‘They were married last year’. Tá gníomh i gceist leis an abairt sin. Mar sin, is é an t-aistriúchán a chuirfeá uirthi ná ‘Pósadh anuraidh iad’. Bheadh débhríocht i gceist le ‘Bhí siad pósta anuraidh’. Tá baol ann go dtuigfeadh daoine nach bhfuil na daoine sin pósta a thuilleadh. Ní bhíonn an débhríocht nó an mhíthuiscint chéanna i gceist nuair a úsáidtear an saorbhriathar.

Ba cheart cuimhneamh freisin, nuair a úsáidtear an saorbhriathar, go mbíonn an chuma ar an abairt gur gníomh leanúnach atá i gceist. ‘Luaitear cogaíocht shíoraí oirdheisceart na hEorpa mar shampla den dochar a dhéanann an náisiúnachas.’

Mar a mhínítear ar aistear.ie, gan táthar agus bítear san áireamh, is ionann foirm an tsaorbhriathair san aimsir láithreach agus san aimsir ghnáthláithreach araon. Mar sin, is minic nach n-oireann an saorbhriathar chun gníomh aon uaire nó staid neamhleanúnach, neamhbhuan. Molann Mac Lochlainn abairt amhail ‘Is comhairleoir dlí ar fhoireann na Roinne Oideachais agus Eolaíochta é an té a luaitear thuas’ a sheachaint agus ‘Is comhairleoir dlí ar fhoireann na Roinne Oideachais agus Eolaíochta é an té atá luaite thuas’ a scríobh ina áit.

Más mian libh máistreacht a fháil ar an ábhar seo, molaim daoibh na cleachtaí atá ar fáil anseo a dhéanamh. Tá freagraí le fáil ar an leathanach céanna.

An leanann tú ar LinkedIn muid?

Coinnigh ar an eolas faoin ár gcuid nuachta agus glac páirt sa chomhrá inniu!

Ná dean dearmad ar chlárú lenár nuachtlitir sheachtainiúil Ghaeilge anseo!

Advert