Dictionary page

Nuachtlitir 20 – Gaeilge go Béarla

Aoine Shona, a aistritheoirí! Fáilte ar ais chuig Nuachtlitir na hAoine le STAR. Tá súil againn gur bhain sibh go léir sult as an deireadh seachtaine saoire bainc. Inniu, táimid chun aistriúchán Gaeilge go Béarla a phlé. Ní dhéantar trácht ar an ábhar seo rómhinic ach is fiú go mór súil a chaitheamh air.

Anseo ag STAR, bíonn orainn Gaeilge a aistriú go Béarla minic go leor. Cheapfá go mbeadh aistriúchán Gaeilge go Béarla éasca go leor d’aistritheoirí a bhfuil an Béarla mar theanga dhúchais acu ach cruthaítear dúshláin ar leith leis freisin, go háirithe más ag aistriú ó Bhéarla go Gaeilge a bhíonn tú de ghnáth. Ba mhaith liom díriú ar na dúshláin sin inniu.

Is minic go ndéanann daoine aistriúchán Gaeilge go Béarla i bhfad róthapa. Ní thugann siad an aire chéanna is a dtabharfaidís ar aistriúcháin ó Bhéarla go Gaeilge. Ní bhíonn orthu faire amach ar inscne focal Béarla agus bíonn na haimsirí éagsúla de ghlanmheabhair acu. Ní bhacann aistritheoirí áirithe leis an aistriúchán a athléamh nó é a léamh os ard agus mar sin ní thugtar faoi bhotúin bhunúsacha, botúin litrithe agus botúin chló ina measc.

Tá sé iontach tábhachtach aistriúcháin Gaeilge go Béarla a léamh os ard lena chinntiú go bhfuil an téacs nádúrtha agus soiléir agus go dtagann an chiall slán sa sprioctheanga. Tá sé tugtha faoi deara agam go mbíonn blas róbatúil ar aistriúcháin Gaeilge go Béarla uaireanta. Is é is cúis leis sin ná nach dtugann aistritheoirí aird go leor ar stíl agus iad ag aistriú go Béarla. Tarlaíonn sé freisin nach mbíonn taithí ag cainteoirí Béarla ar leith réimse Béarla áirithe a scríobh. Tá a fhios againn go léir go mbíonn droch-Bhéarla le cloisteáil go minic agus go nglactar leis go forleathan ach ní ghlacfar le droch-Bhéarla san aistriúchán.

Bíonn orainn a chinntiú nach bhfuil aistriúchán rólitriúil á dhéanamh againn. Is ag caint ar an mbéarlachas a bhím de ghnáth ach sa chás seo, is a mhalairt atá orainn a sheachaint! Tóg ‘a chara’, mar shampla. Má tá ‘A Sheáin, a chara,’ le haistriú agat, is leor ‘Dear Seán’ sa Bhéarla. Sampla eile ná ‘Seirbhís do Chustaiméirí’. Uaireanta, tugtar ‘Service for Customers’ ar an téarma sin nuair is ceart ‘Customer Service’ a scríobh.

Mholfainn daoibh go léir am go leor a chaitheamh ar aistriúcháin Gaeilge go Béarla. Cinntigh go bhfuil an ghramadach ar fad cruinn agus go dtagann teachtaireacht agus réim an bhunteanga slán sa sprioctheanga.

An bhfuil tú ag iarraidh Aistriúcháin. Faigh tuilleadh eolais faoinár gcuid seirbhisí anseo.

Déan teagmháil linn ach an fhoirm seo a chomhlánú nó ríomhphost a sheoladh chuig [email protected]

Advert