Céard atá in An Caighdeán Oifigiúil?

An Caighdeán Oifigiúil, mar a thugtar air, an caighdeán oifigiúil le haghaidh ghramadach na Gaeilge agus foilsíodh den chéad uair in 1958 é.

Ní mór d’aistritheoirí Gaeilge cloí leis an gcaighdeán sin agus aistriúchán don Rialtas na hÉireann á dhéanamh acu.

Stair

Go stairiúil, bhí trí phríomhchanúint Ghaeilge ann, Gaeilge Uladh, Gaeilge na Mumhan agus Gaeilge Chonnacht. Mar sin, ar mhaithe le cumarsáid oifigiúil rialtais, bhí ciall leis go mbeadh aon chaighdeán amháin ann. Ní raibh an bunleagan an Chaighdeáin gan locht agus foilsíodh leabhar agus foclóirí go leor dá réir sin a shoiléirigh nó a chuir leis an gcaighdeán bunaidh. Fágadh gnéithe den ghramadach doiléir nó níor pléadh leo.  Níor ghlac na réigiúin go forleathan le codanna áirithe de agus bheartaigh an rialtas mar sin ar athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaighdeán in 2012. Is féidir Léirmheas ar an Caighdeán Oifigiúil 2012 a léamh anseo.

Cén fáth ar Athraíodh é?

Cúis shimplí go leor a bhí leis an athbhreithniú. Rud beo is ea an teanga agus tagann athrúa agus fás uirthi le himeacht ama. Ar bhonn sóisialta, tiocfaidh athrú ar theanga. Ceapfar focail nua. Athróidh an bealach a n-úsáideann na daoine ar bhonn laethúil í, ní hamháin, ach athróidh na daoine siúd a bhíonn á labhairt go laethúil chomh maith céanna. Mar sin, tá sé tábhachtach athbhreithniú a dhéanamh ar chaighdeán ar bith le teacht le hathruithe sóisialta. Mar shampla, ceist amháin a tháinig chun cinn ba ea go raibh roinnt leabhar gramadaí ag teacht salach ar a chéile le himeacht ama.

Ag Athrú leis an Aimsir

Aistríonn STAR ó Bhéarla go Gaeilge agus ó Ghaeilge go Béarla. Is de bhunadh na hÉireann iad ár n-aistritheoirí Gaeilge go léir agus oibríonn siad ar fad in Éirinn freisin. Ar ár gcustaiméirí tá ranna san earnáil phoiblí agus ranna rialtais, cuideachtaí príobháideacha, cuideachtaí fóntais, dearthóirí gréasáin agus gníomhaireachtaí fógraíochta atá lonnaithe anseo in Éirinn. Táimid bródúil as a bheith ag obair le go leor de Ranna Stáit na hÉireann.

Mar ghnólacht aistriúcháin, ní mór dúinn oideachas leanúnach a chur orainn féin agus bheith airdeallach ar athruithe teanga. Is Gaeilgeoir é ár stiúrthóir bainistíochta Damian Scattergood agus tá trácht déanta aige ar an gcaighdeán ar TG4, stáisiún teilifíse na Gaeilge. Tá tuairimí Damian den chaighdeán agus a léirmheas air ar fáil ar ár mblag i mBéarla agus i nGaeilge araon.

Seans gur mhaith leat na nithe seo a leanas a léamh freisin…

An difear idir aistriúchán agus logánú
Aistriúchán Gaeilge

Faigh Ár Nuachtlitir Ghaeilge Saor in Aisce Anseo

(c) Copyright 2002-2025 - STAR Translation Services Dublin