Nuactlitir 40 – Inscne an Fhorainm
Aoine Shona, a aistritheoirí! Fáilte ar ais chuig Nuachtlitir na hAoine le STAR. Tá súil agam gur bhain sibh sult as an deireadh seachtaine saoire bainc. Inniu, tabharfaimid aghaidh ar ábhar a chuireann asainn go léir. Is é sin inscne an fhorainm.
Ábhar casta é seo gan dabht ar bith. Nuair a bhíonn mearbhall orm féin ina leith, osclaím Cruinneas le hAntain Mac Lochlainn. Ansin, gheobhaidh sibh míniú deas soiléir.
Tugann Mac Lochlainn le fios go bhfuil an forainm sna habairtí thíos mícheart:
- Ba í an bharúil a bhí ag lucht pleanála na gcathracha ná go mbeadh cumhacht aibhléise agus breosla measartha saor i gcónaí.
- Is í an fhadhb ná gur féidir leat a dhath ar bith a rá faoin Eaglais Chaitliceach ag an bpointe seo agus creidfear é go forleathan.
- Is í mo chomhairle, fanacht glan ar gach cathair.
Cé gur focail bhaininscneacha iad ‘barúil’, ‘fadhb’ agus ‘comhairle’, níl sé ceart an forainm baininscneach ‘í’ a chur leis an gcopail. Is fíor gur cheart go mbeadh an t-ainmfhocal (‘barúil’, ‘fadhb’ agus ‘comhairle’ sa chás seo) de réir a chéile ó thaobh na hinscne de. Pé scéal é, ní ag tagairt do ‘barúil’, ‘fadhb’ agus ‘comhairle’ atá an forainm sna cásanna thuas. Ina ionad sin, is ag tagairt don fhaisnéis sa chéad chlásal eile, ‘go mbeadh cumhacht aibhléise agus breosla saor i gcónaí’ sa chéad shampla. Ní féidir inscne a chur leis an bhfaisnéis sin. Mar sin, ba cheart forainm firinscneach a úsáid.
Go ginearálta, má tá ‘ná’ san abairt, is forainm firinscneach a bheidh ag teastáil, e.g. Is é an fhadhb ná go bhfuil an t-imreoir gortaithe.
Tá tuilleadh eolais le fáil in Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí (13.27).