Drawing of one apple, a bowl of apples and an apple tree with the sun shining and the words good, better and best underneath

Nuachtlitir 33 – Breischéim agus Sárchéim na hAidiachta

Aoine Shona, a aistritheoirí! Fáilte ar ais chuig Nuachtlitir na hAoine le STAR. Tá ábhar bunúsach go leor á phlé againn inniu, breischéim agus sárchéim na haidiachta, ach is fiú súil a chaitheamh air mar feicim (agus déanaim) botúin ó am go ham, go háirithe san aimsir chaite agus sa mhodh coinníollach.

Breischéim na hAidiachta san Aimsir Láithreach agus san Aimsir Fháistineach

Mar is eol daoibh, úsáidtear na focail ‘níos…ná’ chun comparáid a dhéanamh idir daoine nó idir rudaí, e.g. Tá oráistí níos fearr ná úlla.

I ndiaidh níos:

1. Ní athraíonn focail a chríochnaíonn ar ghuta, e.g. buí > níos buí. Is eisceachtaí iad níos breátha, níos faide, níos teo, níos nuaí.

2. Caolaítear aidiachtaí a chríochnaíonn ar chonsan leathan agus cuirtear -e leo, e.g. daor > níos daoire, bán > níos báine.

3. Cuirtear -e le haidiachtaí a chríochnaíonn ar chonsal caol, e.g. ciúin > níos ciúine, ionraic > níos ionraice

4. Athraíonn…

-úil go -úla, e.g. suimiúil > níos suimiúla

-each go -í, e.g. aisteach > níos aistí

-ach go -aí, e.g. tábhachtach > níos tábhachtaí

-air go -ra, e.g. deacair > níos deacra

-íoch go -íche, e.g. imníoch > níos imníche

-aíoch go -aíche, e.g. iomaíoch > níos iomaíche

Tá aidiachtaí neamhrialta ann, áfach. Ní mór dúinn faire amach dóibh. Seo thíos liosta gearr díobh:

álainn > níos áille

beag > níos lú

furasta > níos fusa

olc > níos measa

te > níos teo

Má bhíonn tú riamh idir dhá chomhairle, is féidir breischéim na haidiachta a sheiceáil ar focloir.ie.

Sárchéim na hAidiachta san Aimsir Láithreach agus san Aimsir Fháistineach

Is ionann an fhoirm don tsárchéim agus don bhreischéim, e.g. Is é inniu an lá is teo den bhliain.

Breischéim na hAidiachta san Aimsir Chaite agus sa Mhodh Coinníollach

Éiríonn an scéal beagáinín níos casta agus san aimsir chaite agus sa mhodh coinníollach. Is féidir níos a úsáid san aimsir chaite agus sa mhodh coinníollach chomh maith ach is fearr na foirmeacha seo a leanas a úsáid:

1. ní b’ roimh ghuta, e.g. Bhí duine ní b’airde ar an bhfoireann

2. ní b’ roimh f + guta, e.g. Bhraith mé ní b’fhearr nuair a chríochnaigh mé an aiste

3. ní ba roimh f + consan, e.g. Bhí seisean ní ba fhlaithiúla ná a dheirfiúr

4. ní ba roimh chonsan (leanann séimhiú é), e.g. Bhí an scrúdú sin ní ba dheacra ná na cinn eile

Sárchéim na hAidiachta san Aimsir Chaite agus sa Mhodh Coinníollach

1. ab roimh ghuta, e.g. Ba é an fhoirgneamh ab airde ag an am

2. ab roimh f + guta, e.g. B’in é an scannán ab fhearr a rinne sé

3. ba roimh f + consan, e.g. Ba é an duine ba fhlaithiúla i mo shaol

4. ba roimh chonsan (leanann séimhiú é), e.g. Ba í an duine ba shine sa rang

An leanann tú ar LinkedIn muid?

Coinnigh ar an eolas faoin ár gcuid nuachta agus glac páirt sa chomhrá inniu!

Ná dean dearmad ar chlárú lenár nuachtlitir sheachtainiúil Ghaeilge anseo!

Advert