Botúin Choitianta
Aoine Shona, a aistritheoirí! Fáilte ar ais chuig Nuachtlitir na hAoine le STAR. Beidh sibh sásta a fheiceáil nach bhfuil an clásal coibhneasta á phlé againn arís inniu. Ina ionad sin, táimid chun súil thapa a chaitheamh ar bhotúin a fheictear go minic i scríobh na Gaeilge. Dianchúrsa atá ann!
Tá an-chuid de na botúin seo le fáil in Cruinneas le hAntain Mac Lochlainn. Leabhar iontach é. Mura bhfuil an leabhar féin agat, is féidir teacht ar leagan ar líne anseo.
Mí-úsáid ‘agus’: Má tá cúpla aidiacht in abairt agat, ní gá ‘agus’ a úsáid mar a úsáidtear ‘and’ i mBéarla. Más ‘wet and cold day’ atá ann, is fearr i bhfad ‘lá fuar fliuch’ a scríobh seachas ‘lá fuar agus fliuch’.
An Aidiacht Shealbhach: Bíonn lorg an Bhéarla le feiceáil agus an aidiacht shealbhach á húsáid. Cé go bhfuil ‘I ate lunch with my friend’ deas soiléir sa Bhéarla, bíonn débhríocht i gceist le ‘D’ith mé lón le mo chara’, mar shampla. Cuireann an abairt sin le tuiscint nach bhfuil ach cara amháin agat. Is fearr ‘D’ith mé lón le cara’.
Amhail: Ceapann go leor daoine gur cheart an tuiseal ginideach a úsáid i ndiaidh ‘amhail’ ach níor cheart. Leanann an tuiseal ainmneach é.
Mí-úsáid ‘trí’: Bíonn lorg an Bhéarla le feiceáil anseo chomh maith. Mar a mhíníonn Mac Lochlainn, úsáidtear ‘trí’ chun ‘means/agency’ a chur in iúl. Mar sin, tá daoine ann a úsáideann ‘trí’ i nGaeilge mar a úsáideann siad ‘by/through’ sa Bhéarla. Níl sé sin ceart. Ní Gaeilge mhaith é ‘Gheobhaidh tú tuilleadh eolais trí fhéachaint ar ár suíomh gréasáin’. Is fearr ‘Tá tuilleadh eolais le fáil ar ár suíomh gréasáin.’
Chun críche/chun críocha: Is é atá i gceist le ‘chun críche’ ná ‘for the purpose of’, e.g. ‘chun críche an ailt seo’. Tá ciall iolra le ‘chun críocha’, áfach, i.e. ‘for the purposes of’.
Reatha: Ní aidiacht é ‘reatha’. Seachas ‘an nuacht is reatha’, scríobh ‘an nuacht is déanaí’.
Focal amháin nó focail scartha?: Tá roinnt focal ann a litríodh mar fhocal amháin go traidisiúnta agus bíonn an litriú traidisiúnta sin fós le feiceáil cé nach gcloíonn an struchtúr sin leis an CO. Samplaí coitianta iad ‘bunoscionn’ (bun os cionn), ‘meánlae’ (meán lae) agus ‘meánoíche’ (meán oíche).
Sólaistí: Mílitrítear an focal seo go minic. ‘Sólaistí’ atá ann, seachas ‘soláistí’.
Fachtóir: Ní úsáidtear ‘fachtóir’ sa chomhthéacs céanna le ‘factor’. Tá lorg an Bhéarla ar ‘Fachtóir eile a chuirfear san áireamh’. Is fearr agus is ceart ‘Cúinse eile/pointe eile’ a úsáid in áit ‘fachtóir’ sa chomhthéacs sin
Millteanach: Mar aon le ‘uafásach’, is focal diúltach é ‘millteanach’ ach is féidir é a úsáid roimh aidiachtaí dearfacha, e.g. millteanach maith. Mura bhfuil aidiacht ná cáilitheoir leis, bíonn sé an-deacair oibriú amach cén chiall atá aige, e.g. ‘ba mhillteanach an t-imreoir é’. An imreoir lag nó an imreoir iontach é?
Tá go leor botún coitianta le fáil in Cruinneas. Is fiú go mór súil a chaitheamh air.