Nuachtlitir 18 – Logainmneacha nach bhfuil ar Logainm
Aoine Shona, a aistritheoirí! Fáilte ar ais chuig Nuachtlitir na hAoine le STAR. Tá deireadh beagnach tagtha leis an Eanáir agus tá an t-earrach ag teannadh linn. Maith sibh as teacht slán ón nGeimhreadh! Más buan bhur gcuimhne, rinneamar plé ar bhotúin choitianta a fheictear i logainmneacha. Inniu, táimid chun cloí leis an téama céanna ach díreoimid ar ábhar casta eile. Is é sin conas a chaitheann an fhoireann STAR le logainmneacha nach bhfuil ar logainm.
Tá mé cinnte gur tháinig sibh go léir roimh an dúshlán seo. Is ceist achrannach í. Go ginearálta, cloítear leis an méid atá ar logainm. Foinse iontach iontaofa é gan dabht ar bith. É sin ráite, tarlaíonn sé go mbíonn logainmneacha fágtha i mBéarla ar an suíomh. An chuid is mó den am, is é an chúis leis sin ná nach ndearna údaráis áitiúla an suíomh a nuashonrú. Nuair a tharlaíonn sé sin, bíonn orainn cúpla rud a dhéanamh sula ndéanaimid cinneadh.
An bhfuil logainm comhchosúil ar logainm.ie?
An bhfuil an logainm céanna in áiteanna eile e.g. i gcontae eile?
An úsáidtear an leagan Gaeilge ar shuíomhanna iontaofa eile?
Tá cúpla sampla i gcathair Luimnigh againn daoibh. Tóg ‘Plassey Park Road’, mar shampla. Má chuardaítear ‘Plassey Park Road’ ar logainm, feictear nach bhfuil leagan Gaeilge ann. É sin ráite, tá ‘Ascaill Plassey’ ann. Céard faoi ‘Bóthar Pháirc Plassey’ mar sin?
Is léir ó logainm nach bhfuil ‘Plassey’ in áit ar bith eile seachas i Luimneach. Maith go leor. Déanfaimid cuardach Google mar sin. Tá an t-ádh orainn! Tá ‘Bóthar Pháirc Plassey’ le feiceáil ar dublincoach.ie, busconnects.ie agus nationaltransport.ie. Tuigimid mar sin, go n-úsáidtear ‘Bóthar Pháirc Plassey’. Tá sé sin sách maith againne!
Sampla eile ná ‘Walnut Drive’. Ar an drochuair, níl leagan Gaeilge air ar logainm.ie. Mar sin féin, tá ‘Céide an Ghallchnó’ i mBaile Átha Cliath. Suimiúil… An bhfuil logainm ‘Walnut’ eile i Luimneach? Fan go bhfeicfimid.. Tá! Tá ‘Cúirt an Ghallchnó’ ann. Bheadh ‘Céide an Ghallchnó’ go breá mar sin.
Tá an scéal céanna i gceist le ‘Station Road’. Cé nach bhfuil ‘Bóthar an Stáisiúin’ ar logainm faoin gclib ‘Luimneach’, tá ‘Bóthar an Stáisiúin’ i gCill Chainnigh, i dTiobraid Árann, i Ros Comáin gan ach roinnt bheag a lua. Má chuardaítear ‘Bóthar an Stáisiúin, Luimneach’, feictear láithreach go bhfuil an logainm sin in úsáid ag gaelscoileanna i Luimneach agus ar gov.ie. Scileanna iontacha iad na scileanna iniúchta!
Pé scéal é, tuigimid go dtagann logainmneacha aníos anois is arís agus go mbíonn sé an-deacair cinneadh a dhéanamh orthu. B’fhéidir go bhfuil dhá ainm ar an logainm céanna ar logainm.ie nó in úsáid ag an gcomhairle contae. Má bhíonn mearbhall ort, is fearr teagmháil a dhéanamh leis an bprofléitheoir nó leis an gcliaint é/í féin.
Tabhair faoi deara freisin, go n-athraítear logainmneacha ó am go ham. Bíonn orainn súil a choinneáil ar logainm agus a chinntiú go bhfuil an logainm is déanaí againn. Ní dual don diabhal a bheith díomhaoin!