AISTRITHEOIR LÁNAIMSEARTHA GAEILGE
*POST MÓRÉILIMH*
Táimid sa tóir ar Aistritheoir agus Profléitheoir Lánaimseartha Gaeilge!
An bhfuil tú ag iarraidh céim mhór chun cinn a thabhairt i do chuid gairme mar theangeolaí gairmiúil?
An bhfuil tú ag iarraidh a bheith i do bhall d’fhoireann mar a mbíonn tionchar ag do chuid scileanna ar chaighdeán na Gaeilge gach uile lá?
Beidh aistriú agus profléitheoireacht ar siúl agat, ach beidh ról níos suntasaí ná sin agat freisin: tacú le comhghleacaithe le do shaineolas teanga, ardchaighdeán a dheimhniu i dtionscadail go leor, athbhreithniú a dhéanamh ar cháipéisí inmheánacha, meas a dhéanamh ar thástálacha aistriúcháin, agus léargas a thabhairt do bhaill de chuid ár bhfoirne saoraistritheoirí. Más breá leat an t-aistriúchán agus más áil leat tionchar nithiúil a bheith agat ar chaighdeán agus ar chomhoibriú, ba bhreá linn scéala a fháil uait.
Suíomh:
- Ó Chian – Éire
Riachtanais:
- BA sa Ghaeilge nó a mhacasamhail; cáilíocht aitheanta iarchéime san Aistriúchán
- Ar a laghad taithí trí bliana ar a bheith i d’aistritheoir
- Ardscileanna Gaeilge agus Béarla; is buntáiste é teangacha eile a bheith agat!
- Taithí ar uirlisí CAT a úsáid, go háirithe taithí ar STAR Transit NXT más féidir sin
- Is buntáiste é Séala Aistriúcháin Fhoras na Gaeilge a bheith agat
Buntáistí:
- Tuarastal míosúil bunaithe ar thaithí agus tairgiúlacht laethúil
- Oiliúint agus forbairt ghairme leanúnach agus tú i do bhall d’Fhoireann STAR
- Teacht ar ár gcóras téarmaíochta agus ár gcuimhní aistriúcháin úrscothacha
- Bheith ag oibriú de réir chaighdeáin cháilíochta ISO9001 agus ISO17100