Seirbhísí Aistriúcháin ar Dhoiciméid Ghnó

Ag Cuidiú leat Gnó a dhéanamh i dTeangacha Éagsúla

Business document translation services

Chun éirí leat i ngnó, tá soiléireacht, cruinneas agus caighdeán iontach tábhachtach. Tá do dhoiciméid ghnó go léir luachmhar mar déanann siad ionadaíocht ort féin agus ar do chuideachta. Agus tú ag déileáil le cuideachtaí idirnáisiúnta ar fud an domhain ba chóir duit labhairt leo ina dteanga féin. Oibríonn STAR le custaiméirí ar fud an domhain ag seachadadh aistriúchán iontach dá ndoiciméid, dá mbróisiúir, dá suíomhanna gréasáin agus dá dhoiciméid ghnó eile.

6 Cúiseanna le do dhoiciméid ghnó a aistriú

1. Díolacháin Idirnáisiúnta a Mhéadú.
Is eol do chách gur fearr leis an gcustaiméir earraí a cheannach ina dteanga féin.

2. Fan Céim Amháin Chun Tosaigh ar Iomaitheoirí.
Tugann aistriúchán duit an cumas a dhíol i dtíortha nach bhféadfadh d’iomaitheoirí smaoineamh fúthu go fóill.

3. Uirlis Mhargaíochta Cost-Éifeachtúil
I gcomparáid leis an gcostas a bhaineann le táirge nua a fhorbairt – is bealach saor é aistriúchán do shuímh ghréasáin chun do bhealaí díolacháin a leathnú isteach i dtír eile. Is bealach saor é aistriúchán a dhéanamh ar Mhicreashuíomh nó ar Leathanach Lamairne chun margadh nua a thástáil.

4. Muinín
Má labhraíonn tú le do chustaiméirí ina dteanga dhúchais – le haistriúchán gairmiúil ar ardchaighdeán, léiríonn sé go bhfuil suim agat iontu agus cuireann sé le muinín agus dílseacht chustaiméara.

5. Dírigh go hÁitiúil
Ciallaíonn aistriúchán in éineacht le leathanaigh lamairne spriocdhírithe gur féidir leat díriú ar réigiúin sonracha le haghaidh díolacháin nua don TAI is fearr.

6. Innill Chuardaigh
Is breá le hinnill chuardaigh suíomhanna gréasáin aistrithe. Má dhéantar i gceart é, feabhsóidh sé do rangú innill chuardaigh i dtíortha ar leith agus cuirfidh sé feabhas ar do rangú optamú innill cuardaigh.

Cad a ghlacaimid le haistriú

  • Lámhleabhair d’fhostaithe
  • Conarthaí
  • Litreacha gnó
  • Comhaontuithe
  • Bróisiúir tháirgí
  • Cuir i láthair PowerPoint
  • Tuarascálacha airgeadais
  • Teachtaireachtaí na meán sóisialta

Labhair linn

Feidhmíonn STAR ar fud 44 tír chun tuiscint a fháil ar na dúshláin a bhaineann le gnó domhanda a dhéanamh. Oibrímid le custaiméirí in go leor tionscal agus earnálacha éagsúla ionas gur féidir linn cabhrú leat an leas is mó a bhaint as do bhuiséid mhargaíochta. Ba bhreá linn labhairt leat maidir le do phleananna margaíochta agus conas is féidir linn cabhrú leat tuilleadh gnó dhomhanda a dhéanamh.