Cá fhad a thógann sé le doiciméad a aistriú?

De ghnáth aistríonn ár n-aistritheoirí idir 1,200 agus 1,400 focal nua in aghaidh an lae. Sin thart ar 4-5 leathanach.

Tá thart ar 300 focal ar leathanach caighdeánach A4. Sin le cló den mhéid caighdeánach amhail Times New Roman 12 pt nó Arial 12pt agus spásáil shingil.

Ba chóir duit a bheith aireach, mar d’fhéadfadh suas le 800 focal a bheith sa chló beag i gconarthaí áirithe. Dá bhrí sin, bheadh sé riachtanach grinnscrúdú a dhéanamh ar an téacs, ar an bhformáid agus ar an ábhar. Is iondúil go dtógann an t-aistriúchán dlíthiúil níos mó ama le haistriú i gcomparáid le téacs ginearálta gnó, mar shampla.

Le haistritheoir amháin sannta do thionscadal, is féidir leis an méid ama a ghlacfaidh sé an obair seo a chur i gcrích a mheas mar seo a leanas: (líon iomlán na bhfocal / 1,200) + 2 lá le haghaidh bainistíochta tionscadail agus profála. Cé go gcuirtear aistriúcháin i gcrích ar bhonn níos tapúla de ghnáth, feidhmíonn sé seo mar threoir ghinearálta iontaofa le haghaidh pleanála.

Conas teacht ar líon focal in Microsoft Word

Léiríonn an chuid is mó d’uirlisí eagarthóireachta líon focal. In Microsoft Word, is féidir leat an ghné sin a aimsiú laistigh den roghchlár ‘Athbhreithnigh’.

Má roghnaíonn tú an cnaipe líon focal, nochtfar na staitisticí don doiciméad a bhfuil tú ag obair air.

Éagsúlacht i dTeangacha

I gcás teangacha níos casta amhail an tSínis, an tSeapáinis, an Urdúis, an Tuircis, etc., bíonn meánaschur an aistritheora beagán níos ísle. Agus do thionscadal aistriúcháin á phleanáil agat, ba cheart duit cuimhneamh freisin ar na fochostais chumarsáide a bhaineann le bheith ag obair thar amchriosanna éagsúla.

Agus níos mó ná 50 oifig ar fud an domhain againn, aistrímid gach teanga i gcomhar le chéile. Mar sin, fiú dá mbeadh níos mó ná téacs le haistriú go níos mó ná teanga, thógfadh sé an t-am céanna agus a thógfadh sé dá mbeadh sprioctheanga amháin i gceist.

Time to translate a document

Torthaí a Bhaint Amach

Más gá duit an t-aistriúchán a bhrostú, is féidir linn ár bhfoirne a atheagrú dá réir. Cuirimid na ríomhanna bunúsacha seo ar fáil dár gcliaint i gcónaí, rud a chuireann ar a gcumas scála a dtionscadal a mheas sula dtosaítear ar an aistriúchán. De ghnáth déanann ár bprofléitheoirí thart ar 6,000 focal a phrofáil in aghaidh an lae, rud a bhraitheann ar chastacht an téacs.

Is féidir leis an am a thógann sé an t-aistriúchán a chur i gcrích athrú bunaithe ar aiseolas ó chliaint agus ar chorrdhúshláin a thagann chun cinn le linn an phróisis aistriúcháin agus phrofála. Sampla de sin ná nuair a thagann an fhoireann ar théarma le linn an aistriúcháin a éilíonn soiléiriú breise ón gcliant chun a chinntiú go ndéantar é a léirmhíniú agus a aistriú i gceart sa sprioctheanga. Is é an sprioc a chuirimid romhainn maidir le hamanna seachadta ná an rud is fearr a dhéanamh don chliant agus seachadadh aistriúcháin den chaighdeán is airde a chinntiú. Bainimid é sin amach trí phríomhaistritheoir amháin a bheith againn ar gach doiciméad nó tionscadal.

Bíonn tionchar ag nádúr an ábhair ar luas seachadta an aistriúcháin freisin. Ní hionadh ar bith é go dtógann sé níos faide téacsanna leighis agus dlí a aistriú i gcomparáid le téacsanna ginearálta gnó.

Le linn chéim an mheastacháin, fiafróimid díot faoin gcineál aistriúcháin a theastaíonn uait. Is minic a lorgaítear uainn eolas faoi roghanna aistriúcháin éagsúla.

  • Úsáid Inmheánach
    D’fhéadfadh seiceáil shimplí tuisceana ar dhoiciméad a bheith i gceist leis seo. I gcásanna tairiscintí, mar shampla, d’fhéadfadh go mbeadh aistriúchán garbh tapa ag teastáil ó chliaint ionas gur féidir leo freagra a thabhairt air. I gcásanna den sórt sin, is féidir linn ár gcéimeanna profála a shruthlíniú chun dlús a chur leis an aistriú. Cé go bhféadfadh corr-neamhréireachtaí a bheith ag baint leis an aistriúchán, bheadh sé 100% oiriúnach don fheidhm atá leis.
  • Tagairt Amháin
    Is minic a chabhraímid le cliaint a dteastaíonn doiciméid uathu lena ndáileadh ar lucht féachana teoranta le haghaidh tagartha amháin. D’fhéadfadh grúpa innealtóirí atá ag dul faoi oiliúint ar tháirge a bheith i gceist leis seo. I dtionscadail den sórt sin, bheadh cruinneas teicniúil ríthábhachtach ach b’fhéidir nach gá leagan amach foirfe a bheith aige. Braitheann sin ar an spriocléitheoir.
  • Caighdeán Priontála
    Priontáiltear formhór ár gcuid oibre, rud a fhágann gur gá dúinn gach focal agus abairt a athsheiceáil. Is é an leibhéal seo ár gcaighdeán réamhshocraithe seachadta

Ceisteanna ar Dhoiciméid

Seo cuid de na ceisteanna is minice a chuirtear orainn faoi dhoiciméid.

  • Cé chomh mór is atá doiciméad 300 focal?

Is iondúil go líonann doiciméad ina bhfuil 300 focal leathanach caighdeánach A4 nó leathanach litreach le spásáil rialta agus Cló Arial 10.

  • Cé mhéad leathanach atá i bpáipéar 1200 focal?

De ghnáth bíonn 1200 focal Béarla thart ar 4 leathanach ar fad. Mar sin thógfadh tionscadal dá leithéid thart ar lá amháin le haistriú.

  • Cé mhéad a chosnaíonn sé doiciméad a aistriú?

B’fhéidir go mbeadh suim agat ár leathanach maidir le praghsáil aistriúcháin a léamh.

  • Cé chomh tapa agus is féidir leat doiciméad a aistriú?

Braitheann sé sin ar an gcaighdeán atá uait agus ar líon na n-aistritheoirí ar an tionscadal. Féach aistriúchán ardluais le haghaidh tuilleadh eolais.

  • Conas is féidir liom doiciméid a dhéanamh níos tapúla lena n-aistriú?

Tugtar inár r-leabhar saor in aisce roinnt moltaí dearaidh chun cabhrú leat doiciméid a chruthú a bheadh níos oiriúnaí don aistriúchán.

  • Cé mhéad focal ar chonradh téarmaí agus coinníollacha?

Cad mar gheall ar an gcló beag? Tá sé riachtanach a bheith aireach mar d’fhéadfadh téarmaí agus coinníollacha nó comhaontuithe dlíthiúla áirithe 800 focal nó níos mó a chuimsiú ar aon leathanach amháin. Seiceáil cúl do ráitis bhainc nó do mhorgáiste mar shampla. Is féidir le cuid mhór cló beag a bheith ann agus é costasach le haistriú. Molaimid go minic do chliaint an cló bheag a bheith mar dhoiciméad eile acu – mar sin ní gá duit é a aistriú ach uair amháin. Cabhróidh sé seo le rialú doiciméad agus le costais a bhainistiú duit.

B’fhéidir go mbeadh sé ina chuidiú agat é seo a léamh freisin …

Cad is aistriúchán práinneach ann?

Cé chomh tapa agus is féidir leat tionscadal a aistriú?