Marcanna Bearrtha agus Marcanna Sceite agus an chúis a bhfuil tábhacht ag baint leo

Limistéir chlóite agus níos faide.

Má tá foilsitheoireacht deisce nó obair leagan amach á déanamh againn ar do thionscadal aistriúcháin, cuirfimid ceist ort faoi shocruithe bearrtha agus sceite.

Is sraith marcanna iad marcanna bearrtha lena leagtar limistéar clóite amach.

Is é sceitheadh an téarma a úsáidtear don limistéar breise de d’obair ealaíne a théann níos faide ná a fíormhéid.

Marcanna bearrtha

Céard iad marcanna bearrtha?

Is sraith marcanna iad marcanna bearrtha lena leagtar limistéar clóite amach. Léirítear don chlódóir teorainneacha / méid an limistéir chlóite leo. Más píosa neamhspleách é an limistéar clóite (carta gnó nó bileog eolais srl.), bíonn na marcanna bearrtha mar threoir don chlódóir cén chuid den pháipéar atá le bearradh. Toisc gur gá an cháipéis a bhearradh go dtí a toisí cearta, is leis na marcanna bearrtha a léirítear an áit a bheidh an cháipéis bearrtha. Is iad na línte beaga a bhíonn tú in ann a fheiceáil timpeall imill na hoibre ealaíne.

Go ginearálta, is é an tomhas do gach marc bearrtha 3-5mm i dtíortha na hEorpa agus sa tSeapáin. Ba cheart go mbeadh an tomhas 1/8” do na SAM.

Céard iad marcanna bearrtha agus marcanna sceite agus cén fáth a bhfuil tábhacht ag baint leo?
Sampla de cháipéis a bhfuil marcanna bearrtha inti

Céard is marcanna sceite ann?

Is é sceitheadh an téarma a úsáidtear don limistéar breise de d’obair ealaíne a théann níos faide ná a fíormhéid. Mar shampla, má oibríonn tú ar bhróisiúr a bhfuil gnéithe ann a dhéanann teagmháil le himill do cháipéise, beidh marcanna sceite ag teastáil uaidh. Seachnóidh sé seo an seans go ngearrfar cuid de na rudaí ríthábhachtacha i do cháipéis. Tá difríocht idir an dá chineál sceite. Is éard atá i gceist leis an sceitheadh iomlán ná go mbeidh gach gné de do cháipéis gafa thar a fíorfhráma ach is éard atá i gceist leis an sceitheadh páirteach ná nach mbeidh ach cuid de ghnéithe do cháipéise gafa thar leagan amach do cháipéise.

Go ginearálta, is é an tomhas do mharcanna sceite 3 – 5mm i dtíortha na hEorpa agus sa tSeapáin. Is é an tomhas ina orlaí 1/8” in SAM. Chun a bheith cinnte go gcuireann tú an ceann ceart ar bun, is féidir leat méid an sceite riachtanaigh a phlé linn.

Cén fáth a bhfuil tábhacht ag baint leo?

Cinntíonn marcanna bearrtha agus marcanna sceite caighdeán do cháipéise clóite.

Nuair a chruthaíonn tú cáipéis a bheidh curtha i gcló, is gnéithe lárnacha iad marcanna bearrtha agus marcanna sceite chun a chinntiú go gcoimeádtar cuma ghairmiúil ar do cháipéis dheiridh. Seo é an fáth a mbíonn fógraí marcanna bearrtha agus marcanna sceite ag teastáil ó chlódóirí chun cuma ghairmiúil ar do cháipéis chlóite a chinntiú. Tá roinnt uirlisí foilsitheoireachta deisce ann ar féidir iad a úsáid chun marcanna bearrtha agus marcanna sceite a bhainistiú go cruinn.

Adobe InDesign

Is é Adobe InDesign an uirlis is coitianta chun bróisiúir a dhearadh. Is ceann de na Príomh-fheidhmchláir Foilsitheoireachta Deisce é. Is féidir marcanna bearrtha a chumrú duit go huathoibríoch leis nuair atá siad á dtiontú go formáid chomhaid PDF. Is féidir leat na roghanna bearrtha agus sceite a sheiceáil faoi Roghchlár na Cáipéise, áit gur féidir leat roghanna do mhéid an leathanaigh, imeall agus sceitheadh a fháil. Tá Adobe InDesign foilsithe ag Adobe.

QuarkXPress

Príomhuirlis eile sa spás DTP ná QuarkXpress atá foilsithe ag Quark. Tá leaganacha difriúla de Quark ann, ag brath ar an gcineál teanga atá in úsáid agat don aistriúchán. Tá leaganacha difriúla ann d’Araibis agus do Shínis agus mar sin caithfidh tú a bheith ar an airdeall faoi seo má atá sé ar intinn agat cáipéisí Quark a aistriú go dtí na teangacha seo.