An Difríocht Idir an tAistriúchán agus an Logánú

Aistriúcháin a oiriúnú do mhargaí áitiúla.

Uaireanta iarrtar orainn aistriúchán a dhéanamh nuair a bhíonn logánú ag teastáil ag an gcliant ina ionad sin i ndáiríre.

Tá an t-aistriúchán agus an logánú an-difriúil agus tá sé tábhachtach na difríochtaí a thuiscint sula leanann tú ar aghaidh le meastachán. Céard í an difríocht idir an t-aistriúchán agus an logánú mar sin?

An tAistriúchán Gairmiúil

Is éard atá i gceist leis an Aistriúchán Gairmiúil ná nuair a dhéanann aistritheoir daonna léiriú fíor agus cruinn ar do bhuntéacs (sa Bhéarla de ghnáth) i dteanga eile. Mar shampla, b’fhéidir go n-aistreoinn do théacs ó Bhéarla go Fraincis.

An t-eochairphointe anseo ná go gcaithfidh aistriúchán ábhar agus stíl na cáipéise as Béarla a léiriú. Má tá do théacs Béarla foclach agus gan stíl, beidh do théacs Fraincise mar an gcéanna. Sa chiall chéanna, má tá do théacs gonta ábhartha, beidh an Fhraincis mar an gcéanna. Caithfidh an t-aistriúchán gairmiúil a bheith i gcónaí dílis don bhuntéacs. Mar sin, tosaíonn caighdeán d’aistriúcháin le caighdeán do cháipéise as Béarla. Dá shoiléire do cháipéis as Béarla, is soiléire a bheidh do cháipéis Fhraincise tar éis aistriúchán a dhéanamh uirthi.

IT & Aistriúchán Logánaithe

Céard é an Logánú?

Uaireanta bíonn obair logánaithe ag teastáil ó chustaiméirí ar a gcuid cáipéisí, rud atá difriúil ón aistriúchán amháin. Don logánú, bíonn próiseas eile curtha leis ina mbíonn ar an aistritheoir an téacs a athrú chun é a oiriúnú don mhargadh áitiúil. Is “logánú” é an t-athrú téacs seo ar an teanga áitiúil.

Uaireanta tiocfaidh tú air seo i mbróisiúir nuair atá sé iarrtha ag custaiméir orainn an téacs a athrú chun é a dhéanamh níos fearr don mhargadh áitiúil. Bíonn canúint curtha san áireamh chomh maith do spriocmhargaí áirithe. Tá sé seo nach mór cosúil leis an gcóipscríbhneoireacht. Bíonn téacs nua le cur isteach go minic agus bíonn an logánú níos costasaí ná an t-aistriúchán dá bharr. Caithfidh an cháipéis a bheith aistrithe ar dtús agus ansin logánú déanta uirthi sula ndéantar an phrofléitheoireacht dheiridh.