Dublin
Dublin, Ireland – 6th March 2012, Is é an réalta raidió agus teilifíse Eoghan Mac Diarmada atá ina phearsa ag Seachtain na Gaeilge 2012, ach beidh cabhair aige ag spreagadh an phobail le páirt a ghlacadh i gceann de na féilte Gaeilge is fadmharthanaí ar an bhfód, ó tá an Taoiseach ag tacú le seoladh na féile níos déanaí inniu.

110 bliain de sheachtain na Gaeilge, 2012

Is é an réalta raidió agus teilifíse Eoghan Mac Diarmada atá ina phearsa ag Seachtain na Gaeilge 2012, ach beidh cabhair aige ag spreagadh an phobail le páirt a ghlacadh i gceann de na féilte Gaeilge is fadmharthanaí ar an bhfód, ó tá an Taoiseach ag tacú le seoladh na féile níos déanaí inniu.

Tá an fhéile idirnáisiúnta Ghaeilge is mó ar domhan ag ceiliúradh 110 bliain ar an saol i mbliana agus beidh na céadta imeachtaí á reáchtáil ar fud na cruinne mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2012 ón 5 – 17 Márta 2012. Mar chuid de sheoladh Sheachtain na Gaeilge i mbliana, beidh grianghraif* á nglacadh leis an Taoiseach Enda Kenny TD agus Eoghan Mac Diarmada sa chlós ag Tithe an Rialtais, Sráid Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, ag 1.45in tráthnóna inniu, Dé Máirt, 06 Márta 2012.

Cuirfear críoch le seoladh oifigiúil na féile náisiúnta i gClub Chonradh na Gaeilge ag 6.00in inniu leis, áit go mbeidh Eoghan Mac Diarmada ina fhear an tí fad agus a labhróidh an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich TD agus Ferdie Mac an Fhailigh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, ar ról Sheachtain na Gaeilge ag spreagadh na teanga i measc an phobail ó 1902 go dtí an lá atá inniu ann.

Arsa Eoghan Mac Diarmada, pearsa Sheachtain na Gaeilge 2012: “Tá áit ar leith ag an nGaeilge i mo chroí agus déanaim iarracht fiú cúpla focal a labhairt gach lá, is cuma an obair chraoltóireachta nó an obair aisteoireachta atá idir lámha agam, mar sin thapaigh mé an deis a bheith i mo phearsa do Sheachtain na Gaeilge i mbliana.”

Tá clú agus cáil in Éirinn agus thar lear ar Eoghan Mac Diarmada ó tá sé ina láithreoir teilifíse leis an gclár úr The Voice ar RTÉ agus ina DJ raidió ar XFM i Londain. Aisteoir agus córagrafaí is ea Mac Diarmada freisin, atá tar éis aisteoireacht i gcláir dá leithéid Seacht agus rince le roinnt de na ceoltóirí is mó ar domhan – Rihanna, Pussycat Dolls agus Chris Brown ina measc.

Leanann Mac Diarmada: “Ó mo thaithí féin, feictear dom go bhfuil cúpla focal Gaeilge ag gach duine, idir pholaiteoirí, cheoltóirí, tiománaithe busanna agus thuismitheoirí san áireamh. Táim ag impí ar dhaoine a gcuid Gaeilge a úsáid i ngach gné den saol, sa bhaile agus thar lear, chomh minic agus gur féidir leo, agus go háirithe le linn Sheachtain na Gaeilge.”

Tá breis agus 800 imeacht cláraithe go hoifigiúil le Seachtain na Gaeilge d’fhéile na bliana seo agus tá clár iomlán na n-imeachtaí seo ar fáil ar-líne ag www.snag.ie. Sa bhreis ar na himeachtaí oifigiúla a dhéanann comhairlí áitiúla, leabharlanna agus an iliomad eagraíochtaí eile a chlárú le hoifig Sheachtain na Gaeilge gach bliain, is iomaí grúpaí áitiúla agus na mílte scoil ar fud na tíre a reáchtálann imeachtaí chun an teanga a spreagadh ina gceantar féin mar chuid den cheiliúradh náisiúnta ar an nGaeilge.

Dúirt Brenda Ní Ghairbhí, Bainisteoir Gníomhach Sheachtain na Gaeilge: “Is bliain ríthábhachtach don bhféile Ghaeilge í i mbliana, ó tá Seachtain na Gaeilge 110 bliain ar an bhfód ag spreagadh úsáid na teanga in Éirinn agus thar lear, agus táimid an-bhródúil go bhfuil imeachtaí cláraithe go hoifigiúil linn ó gach contae in Éirinn chomh maith le hocht dtír eile, in áiteanna chomh fada i gcéin leis an Astráil, Cúba agus na Stáit Aontaithe. Ní hamháin go mbeidh Rith 2012 – féile agus ollrith sealaíochta ar son na Gaeilge – ar cheann de phríomhimeachtaí is nuálaí agus is spraíúla de chuid Sheachtain na Gaeilge i mbliana leis, ach tá idir ranganna tonnmharcaíochta agus scóráil sciobtha as Gaeilge ar chlár na féile seo freisin, mar sin féach ar www.snag.ie chun imeacht áitiúil a aimsiú agus glac páirt!”

Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2012, tá Lá Gaeilge á reáchtáil i dTithe an Oireachtais amárach, Dé Céadaoin, 07 Márta 2012, áit go mbeidh Ord Gnó, Ceisteanna na gCeannairí, agus ráitis ar an teanga á reáchtáil trí mheán na Gaeilge sa Dáil agus go mbeidh díospóireachtaí i nGaeilge ar siúl sa Seanad.

Tuilleadh Eolais

Brenda Ní Ghairbhí, Bainisteoir Gníomhach, Seachtain na Gaeilge, +353 (0)86 364 9776 / +353 (0)1 475 7401

Jen Ní Mhathúna, Oifigeach Riaracháin, Seachtain na Gaeilge +353 (0)1 475 7401 / jen (at) snag dot ie

NÓTA DON EAGARTHÓIR

Grianghriaf ócáide: *Beidh Justin Mac Innes ó Mac Innes Photography, 64 Sráid an Mhóta Íochtar, Baile Átha Cliath ag seoladh na grianghraif ó phreasocáid an lae inniu chuig na meáin.
mip.ie

Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge a ritear i mí an Mhárta gach bliain agus a chuireann úsáid na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh chun cinn, anseo in Éirinn agus thar lear. Bhunaigh Conradh na Gaeilge an eagraíocht sa bhliain 1902. Tá an fhéile tar éis neart fuinnimh a bhailiú le blianta beaga anuas, agus tá sí anois ar an gceiliúradh is mó dár dteanga agus dár gcultúr dúchais a ritear in Éirinn gach bliain, ag sciobadh tíortha eile linn ar an mbealach. Tugann an fhéile deis go gach uile dhuine spraoi a bheith acu leis an nGaeilge, idir chainteoirí dúchais, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal araon. Déanann eagraíochtaí, comhairlí áitiúla, scoileanna, leabharlanna, agus eagrais cheoil, spóirt agus chultúrtha a n-imeachtaí do Sheachtain na Gaeilge a chlárú leis an oifig agus beidh féile na bliana seo ar siúl ón 5ú to 17ú Márta 2012.
SNAG

Is ionstraim aontaithe é Aontas Phobal na Gaeilge (APG) atá ag gníomhú chun leas na teanga, ar bhonn uile Éireann agus go hidirnáisiúnta, trí fhorbairt agus pleanáil níos straitéisí don Ghaeilge a chur chun cinn. Tá Aontas Phobal na Gaeilge comhdhéanta de na heagrais Comhaltas Uladh, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge, eagrais atá ag plé le gnéithe éagsúla d’fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail agus a tháinig le chéile le hionstraim oibre nua a bhunú ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar, agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach.

Advert