![]() |
Aistriú Suíomhanna Gréasáin Seirbhísí Aistrithe Suíomhanna Gréasáin Ilteangacha - BIC (SEO), MIC (SEM), PPC Is próiseas dúshlánach é aistriú le haghaidh an Idirlín do chomhlacht ar bith. Má tá suíomh gréasáin simplí agat ar a ndéantar fógraíocht faoi do tháirgí nó feidhmchlár casta ríomhthráchtála, tá na dúshláin chéanna i gceist. Is féidir le STAR cabhrú leat do shuíomh gréasáin a chumasú, a aistriú agus a sholáthar i dteanga dhomhanda ar bith, nach mór.
|
Seirbhísí Aistrithe Suíomhanna Gréasáin
Aistriú Suíomhanna Gréasáin i dTeanga ar bithIs féidir le STAR cabhrú leat do shuíomh gréasáin a sholáthar i dteanga ar bith. Is féidir lenár bhfoirne teicniúla cabhrú leat leis an saineolas atá de dhíth le cinntiú gur féidir le do shuíomh gréasáin feidhmiú i dtimpeallacht ilteangach, ionas go mbeidh muinín agat gur féidir do shuíomh gréasáin a aistriú agus go n-oibreoidh sé i dteanga ar bith. Úsáideann ár bhfoirne aistriúcháin aistritheoirí atá ina gcainteoirí dúchais agus a bhfuil taithí acu ar aistriú suíomhanna gréasáin. Ciallaíonn sé seo go dtuigimid do riachtanais maidir le haistriú príomhfhocal, Google AdWords agus fiú d'ábhar SEM. Cabhróimid leat do theachtaireacht a chur in iúl do do chustaiméirí ina dteanga féin. Aistritheoirí Suíomhanna GréasáinOibríonn ár n-aistritheoirí suíomhanna gréasáin i dtimpeallacht chosanta, rud a chuireann ar ár gcumas comhaid ghréasáin aistrithe ghlana a sheoladh ar ais chugat. Má úsáideann tú HTML statach, ASP, XML nó do chóras bainistíochta ábhair (CBÁ) féin, tá an saineolas teicniúil againne le cabhrú leat an chéad suíomh gréasáin eile agat a sheoladh i dteanga ar bith. Is féidir linn aistriú duit i bhformáid chomhaid ar bith, nach mór. ![]() BIC (SEO) IlteangachTá d'fhoireann margaíochta dírithe ar Bharrfheabhsú Inneall Cuardaigh (BIC), Margaíocht Inneall Cuardaigh (MIC) agus ar thomhas na dtorthaí ar Chostas in Aghaidh na Cliceála (CAC) agus Costas in Aghaidh an Ghnímh (CAG). Tuigimid gur gá do do shuíomh bainistiú a dhéanamh ar phríomhfhocail ilteangacha agus ar thuairiscí meitichlibe. Tuigeann STAR an teicneolaíocht a bhaineann leis seo agus na scileanna atá de dhíth chun ábhar aistrithe a sholáthar a bhfuil torthaí maithe air. Cumasú Suíomhanna Gréasáin IlteangachaAr leibhéal teicniúil, is gá do do shuíomh tacaíocht carachtar eachtrach a láimhseáil agus is gá d'aistritheoirí cód glan a sheoladh ar ais le haghaidh comhtháthú suíomh gréasáin. Conas a dhéanfaidh tú nuashonrú ar an aistriúchán ar bhonn leanúnach? Ríomhthráchtáil: díol tuilleadh ar líne!Agus iad bunaithe sa tír féin, is féidir lenár n-aistritheoirí agus ár bhfoirne teicniúla cabhrú leat leis an straitéis is fearr le haghaidh aistriú, sholáthar agus bharrfheabhsú d'ábhair le haghaidh soláthar ilteangach, ionas gur féidir leat tuilleadh a dhíol ar líne. Cabhraíonn STAR le comhlachtaí táirgí agus doiciméid a sholáthar i bhformáid leictreonach le haghaidh oibríochtaí ríomhthráchtála. Tairgimid seirbhísí aistriúcháin, bainistíocht téarmaíochta, córais bhainistíochta eolais dhomhanda agus doiciméad a chabhraíonn lenár gcliaint le doiciméid le haghaidh onnmhairiú, comhlíonadh táirgí digiteacha agus logánú bogearraí, seirbhís ilteangach do chustaiméirí, BIC (SEO) ilteangach agus seirbhísí margaíochta straitéisí. Cén tír lenar mhaith leat tosú? |




