teicneolaíocht teanga d'aistritheoirí

Bogearraí Aistriúcháin | Teicneolaíocht Teanga

Cruthaigh, Bainistigh agus Rialaigh do Shócmhainní Teanga

Cabhraíonn bogearraí aistriúcháin le fíor-aistritheoirí daonna ábhar comhsheasmhach cruinn a chruthú. Ciallaíonn úsáid cuimhne aistriúcháin agus córais bhainistíochta téarmaíochta nach gá duit an t-ábhar a aistriú ach uair amháin. Cinntíonn sé seo go ndéanfaidh tú a mhór de do bhuiséid aistriúcháin. Tá teicneolaíocht aistriúcháin á forbairt ag STAR le breis is 20 bliain, mar sin, tabharfar aire mhaithe do do shócmhainní teanga.

Teicneolaíocht agus Réitigh

Teicneolaíocht Aistriúcháin STAR

  • Réitigh le haghaidh shlabhra soláthair iomlán an phróisis aistriúcháin.
  • Réiteach Ceapadóireachta Ábhair Ilteangaigh: GRIPS
  • Sruth Oibre Aistriúcháin: JAMES
  • Cuimhne Aistriúcháin: Transit NXT
  • Bainistíocht Téarmaíochta: WebTerm
  • Is féidir linn an teicneolaíocht atá de dhíth ort le haghaidh do riachtanais cheapadóireachta eolais ilteangaigh, aistriúcháin agus foilsithe go léir a sholáthar.

Réitigh: Aistriú Gan Dua

Agus breis is 20 bliain taithí againn i ngnó an aistriúcháin, is féidir le STAR cabhrú leat d'ábhar ilteangach a sholáthar. Is féidir linn an cleachtas is fearr maidir le taithí aistriúcháin a roinnt leat, chomh maith le d'aistriúchán a dhéanamh níos éasca, níos tapúla agus níos brabúsaí.

Réitigh Aistrithe Doiciméad

Is féidir linn cabhrú leat do ghnó domhanda a fhorbairt le cúnamh STAR. Is féidir linn comhairle shimplí neamhchasta a chur ort faoin gcaoi is fearr le tabhairt faoi do chéad tionscadal teanga eile. Má tá tú ag iarraidh a oibriú amach conas do shuíomh gréasáin a aistriú, nó más gá duit seiceáil cén teanga atá ag teastáil le haghaidh tír áirithe, is féidir linn cabhrú leat.

  • Is féidir linn cabhrú le haistriú ginearálta gnó
D'fhéadfadh aistriú a bheith scáfar mura bhfuil sé déanta agat cheana.

Conas a láimhseáiltear sraitheanna carachtar Síneach?
An mbeifear in ann an téacs a thaispeáint ar mo shuíomh gréasáin?
Cén chaoi a roghnaítear díoltóir aistriúcháin?

Seo ceisteanna a fhreagraímid do chliaint nua go minic. Is féidir linn an bealach is simplí agus is éifeachtaí chun do dhoiciméid nó do shuíomhanna gréasáin a aistriú a thaispeáint agus an t-aistriúchán go teanga nua agus margadh nua a dhéanamh níos éasca duit.
  • Fostaímid foirne speisialtóra le cabhrú leat le haistriú teicniúil
Is speisialtóirí tionscail iad aistritheoirí STAR. Tá foirne againn a bhíonn ag obair go sainiúil san innealtóireacht, i gcúrsaí uathghluaisneacha, gnó, airgeadas, srl. Bíonn cuid dár bhfoirne ag aistriú foclóirí fiú. Mar sin, táimid cleachta ar aimsiú an téarma chirt le haghaidh d'aistriúchán.
  • Tairgimid réitigh bhainistíochta doiciméad agus láimhseála comhad

Táimid ar cheann den líon beag comhlachtaí aistriúcháin a bhfuil a bhfoirne forbartha bogearraí féin acu chomh maith. Úsáidimid cuimhne aistriúcháin agus bogearraí bainistíochta doiciméad úrscothach. Ciallaíonn sé seo go bhfuil aistriú suíomhanna gréasáin (XML, HTML agus CMS) éasca dúinne agus duitse. Is féidir linn comhaid ghlana a sholáthar do d'fhoirne bogearraí agus gréasáin go tapa agus go héifeachtúil, ionas go mbeidh tú in ann an margadh a bhaint amach go héasca.

    leabharmharc Seol an leathanach seo mar ríomhphost     Radharc Clóire   Radharc Clóire