Aistriú Teicniúil

Seirbhísí Aistriúchán Teicniúil

Nuair atá tábhacht le beachtas agus cruinneas

Agus breis is 25 bliain taithí againn ar aistriú teicniúil, tá an saineolas agus an taithí ag STAR le cabhrú leat ardchaighdeán a sholáthar gach uile uair.

Má tá bileoga eolais teicniúla, lámhleabhair oibriúcháin nó deisiúcháin á gcruthú agat, tá an saineolas teicniúil againn chun aistriúchán cruinn beacht a sholáthar le haghaidh an eolais theicniúil go léir atá agat.

Aistritheoirí Teicniúla

Aistriú ar Neart Tionsclaíoch

Tá STAR ar cheann de na soláthraithe seirbhísí aistriúchán teicniúil is mó ar domhan. Agus muid inár gcomhlacht a bhfuil oifigí aige i mbreis is 40 tír agus breis is 900 fostaí againn, is féidir linn do dhoiciméid a sholáthar i dteanga ar bith, nach mór.

Bímid ag obair ar thionscadail éagsúla do chliaint dhomhanda go rialta, idir leathanaigh aonair go cuid mhaith milliún focal. Ar na cliaint atá againn, tá déantóirí buntrealaimh uathghluaisneacha, déantóirí innealra thionsclaíoch, comhlachtaí teicneolaíochta leighis agus cuid mhaith eile.

Téarmaíocht agus Gluaiseanna


Maidir le haistriú teicniúil, tá ríthábhacht ag baint le tuiscint ar agus úsáid téarmaíochta.
Tá cuid de na bogearraí bainistíochta téarmaíochta is fearr á bhforbairt agus á n-úsáid againn ag STAR chun téarmaíocht agus gluaiseanna ár gcliant a chruthú agus a bhainistiú.

Céard é an difear idir inneall agus mótar?

Ciallaíonn tuiscint ar dhifríochtaí bunúsacha innealtóireachta go soláthraímid aistriúcháin dár gcliaint atá cruinn agus beacht. Is gnách go mbíonn Innill á gcumhachtú ag dóchán agus Mótair ag leictreachas. Is difríocht mhór é seo ó thaobh na hinnealtóireachta de.

Druileáil, tolladh nó gearradh poill?

Maidir le treoracha teicniúla, d'fhéadfadh tionchar mór a bheith ag tuiscint ar phríomhthéarmaí ar an aistriúchán. Sa chás seo, cé go bhfuil an t-aschur comhchosúil, d'fhéadfá trí phróiseas nó uirlis éagsúla a úsáid chun poll a dhéanamh. D'fhéadfaí dochar a dhéanamh do d'innealra dá n-úsáidfí an uirlis mhícheart.

Giar, fearsaid nó roth fiaclach?

An úsáideann gach duine i d'eagraíocht an téarmaíocht cheart ó thaobh comhchodanna de? Is minic go mbíonn an chiall chéanna le giar, fearsaid agus roth fiaclach. Tugann comhlachtaí áirithe an téarma ar chodanna éagsúla agus é faoi réir méide. An bhfuil do dhoiciméid comhsheasmhach? An dtuigeann d'aistritheoirí an difear ó thaobh aistriú de?

Speisialtóirí tionscail

Is speisialtóirí tionscail iad aistritheoirí uile STAR. Tuigimid go mbíonn riachtanais dhifriúla ar chliaint éagsúla. Is maith an seans go bhfuil téarmaíocht agus stíl uathúil acu. Nuair a úsáidimid speisialtóirí tionscail, tá a fhios againn go dtuigeann ár n-aistritheoirí an teicneolaíocht atá á haistriú acu. Cinntíonn sé seo go mbíonn an téarmaíocht agus nósanna imeachta doiciméadaithe cearta inár n-aistriúcháin, le cinntiú go mbeidh do dhoiciméid cruinn agus beacht go teicniúil.

Muinín as Saol Aistrithe

Agus a cheanncheathrú suite san Eilvéis, cuireadh tús le Grúpa STAR mar ghníomhaireacht aistriúchán teicniúil i 1984. Soláthraímid an cruinneas agus an beachtas teicniúil a bhfuil cáil mhór ar na hEilvéisigh astu.

Ar na cliaint atá againn, tá BMW, General Electric agus Tag Heuer. Agus fócas againn ar chaighdeán agus ar chruinneas teicniúil, soláthraímid aistriúchán teicniúil ar féidir muinín a bheith agat as, ionas go mbeidh muinín agat as do shaol aistrithe.
    leabharmharc Seol an leathanach seo mar ríomhphost     Radharc Clóire   Radharc Clóire