|
Seirbhísí Aistriúcháin don Earnáil PhoiblíSeirbhísí teanga don rialtas áitiúil agus náisiúnta.Ní mór do ranna na hearnála poiblí cumarsáid a dhéanamh le cuid mhaith daoine ó thíortha éagsúla ina dteangacha féin go héifeachtach agus faoi shrian an bhuiséid. Oibrímid le roinnt comhlachtaí earnála poiblí agus ranna rialtais chun doiciméid bheartais, leabhráin eolais agus tuarascálacha bliantúla a aistriú go réimse leathan teangacha. |
Seirbhísí don Earnáil Phoiblí | Aistriú don Rialtas
Gníomhú go hÁitiúil - Smaoineamh go DomhandaBaineann ranna rialtais tairbhe as foinse amháin a bheith acu dá n-aistriúcháin go léir.Agus 44 oifig againn ar fud an domhain, is féidir linn aistriúcháin a sholáthar i dteanga ar bith, nach mór. I measc na gcliant atá againn, tá údaráis phoiblí agus rialtais náisiúnta. Oibrímid do ranna rialtais agus do chomhairlí áitiúla, le cabhrú leo cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach le pobail áitiúla ina dteanga dhúchais. Cuireann STAR aistriúcháin ar fáil do réimse leathan doiciméad agus suíomhanna gréasáin:
Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Giolla Íosa, agus í ag beannú do Paul Quigley, Stiúrthóir STAR TS i mBaile Átha Cliath, agus do Katell Bargain, Bainisteoir Tionscadail Aistriúcháin i nDugthailte Bhaile Átha Cliath. Bainistiú Costas agus BuiséadOibrímid go han-dlúth lenár gcliaint aistriúcháin san earnáil phoiblí le cabhrú leat a mhór a dhéanamh de do bhuiséid aistriúcháin. Maidir le haistriú don earnáil phoiblí, tá sárthábhacht ag baint le caighdeán agus cruinneas. Tá nósanna imeachta diana i bhfeidhm againn maidir le caighdeán dár n-aistritheoirí agus úsáidimid na huirlisí téarmaíochta is déanaí chun cruinneas do dhoiciméad a chinntiú gach uair i ngach teanga. Caighdeán agus Luach ar AirgeadStórálaimid an téarmaíocht, na haistriúcháin agus na doiciméid go léir a bhí ag ár gcliaint roimhe seo, ionas gur féidir linn iad a úsáid mar thagairt do thionscadail amach anseo. Cinntíonn sé seo go mbíonn do dhoiciméid i gcomhréir le foilseacháin agus reachtaíocht atá ann faoi láthair. Cuireann an córas cuimhne Aistriúcháin Rialtais seo ar ár gcumas caighdeán comhsheasmhach a sholáthar, chomh maith leis an luach is fearr ar airgead ó do bhuiséad aistriúcháin.Cinntiú Caighdeáin : Muinín as Saol AistritheTuigimidne ag STAR an t-éileamh atá ann maidir le riachtanais doiciméad na hearnála poiblí. Ciallaíonn ár gcórais ardchaighdeáin, próiseas aistriúcháin agus córas cartlainne go dtugaimid muinín dár gcliaint as a saol aistrithe. Nuair atá tábhacht le beachtas agus cruinneas, lig do STAR cabhrú leat d'aistriúchán doiciméad a sholáthar.Má theastaíonn uait an t-eolas is déanaí a fháil faoi chúrsaí a bhaineann le hinimircigh in Éirinn agus sa RA, tabhair cuairt ar ár mblag aistriúcháin. Naisc Sheachtracha Rialtais / Naisc Roinne Úsáideacha |


