gníomhaireacht dhomhanda aistriúcháin

Gníomhaireacht Aistriúcháin STAR


Agus é bunaithe i mBaile Átha Cliath, soláthraíonn STAR TS seirbhísí aistriúcháin do chliaint chun ábhar ilteangach a sholáthar ar fud an domhain. Is cuid de Ghrúpa STAR é STAR-TS.

Eolas faoi Sheirbhísí Aistriúcháin STAR TS

Gníomhaireacht Dhomhanda Aistriúcháin

Agus breis is 900 ball foirne á bhfostú againn i 44 oifig ar fud an domhain, tá STAR ar cheann de na príomhchomhlachtaí seirbhísí aistrithe teangacha ar domhan. Cabhraímid le comhlachtaí tuilleadh gnó idirnáisiúnta a dhéanamh, trí sheirbhísí aistriúcháin ar ardchaighdeán a chur ar fáil dá bhfoilseacháin agus dá rannóga margaíochta. Soláthraímid seirbhísí aistriúcháin do chliaint i réimsí an rialtais, na hinnealtóireachta, an tionscail uathghluaisnigh, na margaíochta agus na ríomhthráchtála.

Ár Luachanna:
  • Bímid ag cabhrú lenár gcliaint tuilleadh gnó idirnáisiúnta a dhéanamh.
  • Bímid ag díriú ar an bpróiseas aistriúcháin is fearr dá bhfuil ann a chur ar fáil do gach custaiméir.
  • Comhlíonadh gealltanas - táimid bródúil go mbímid ag soláthar in am dár gcliaint.
  • Tá tábhacht le fás pearsanta do chách - agus muid mar chomhlacht atá dírithe ar dhaoine, oibríonn STAR chun timpeallacht láidir oibre a chur ar fáil dár bhfoireann, dár n-aistritheoirí, dár gcliaint agus dár gcomhpháirtithe go léir.
  • Caighdeán agus nuálaíocht - baineann siad seo leis an réiteach is fearr a sholáthar do gach tionscadal. Tá níos mó i gceist le haistriú ná na focail amháin. Cuimsíonn sé scríobh an ábhair bhunaidh, cruthú doiciméad, próiseas an aistriúcháin féin, margaíocht, táirgeadh agus foilseacháin chlóite. Seans maith nach mbeidh an réiteach is fearr i gceist le próiseas aonair i ngach cás, dá fheabhas é. Cruthaímid an próiseas is fearr dá riachtanais aistriúcháin, trí bheith cruthaitheach agus trí obair a dhéanamh le gach comhlacht cliaint ar leith.

Stiúrthóirí an Chomhlachta

aistriúcháin star bunaitheoirí gníomhaireachta
Paul Quigley: Stiúrthóir
Tá taithí de bhreis is 20 bliain ag Paul i ngnó an aistriúcháin agus an logánaithe. Sular oibrigh sé le STAR, bhí Paul ina Stiúrthóir ar Uirlisí Aistriúcháin ag Oracle Corporation, Baile Átha Cliath. Bhí Paul ag soláthar tháirgí logánaithe Oracle i mbreis is 26 teanga.

Damian Scattergood: Stiúrthóir
Agus breis is 22 bliain taithí ag Damian i ngnó an aistriúcháin agus an logánaithe, bhí réimse ilghnéitheach post aige sa tionscal sin. Sula raibh sé páirteach i STAR, bhí sé ina Stiúrthóir Oibríochtaí ag Cumarsáid WorldPort. Ar feadh níos mó ná 12 bliana, bhí sé ag obair ag Symantec mar Bhainisteoir Teicneolaíochta agus Logánaithe. Bhí sé freagrach as táirgí Symantec a sholáthar i mbreis is 20 teanga.

Déan teagmháil liom: ríomhphost meastachán aistriúcháin Damian Scattergood aistritheoir gairmiúil Scattergood Déan teagmháil linn trí plaxo

DÉAN TEAGMHÁIL LE STAR, Baile Átha Cliath

Ríomhphost

Ba chóir ríomhphost ginearálta a sheoladh chuig:
déan teagmháil le seirbhísí aistriúcháin

STAR TS, An RA agus Éire

Ionad Nuálaíochta Dhugthailte,
128-130 Bóthar an Phoirt Thoir,
Baile Átha Cliath 3,
Éire

GUTHÁN:
ó SAM / an RA: +353 1 8365614
ó Éirinn: 01 8365614

 

    leabharmharc Seol an leathanach seo mar ríomhphost     Radharc Clóire   Radharc Clóire