|
Is gá do ranna rialtais cumarsáid a dhéanamh le go leor náisiúntachtaí in am agus faoi shrian an bhuiséid. Bímid ag obair le roinnt ranna Rialtais in aistriú doiciméad, leabhráin eolais agus tuarascálacha. Agus 45 oifig againn go domhanda, baineann tú tairbhe as foinse amháin le haghaidh do chuid aistriúchán go léir.
- Gnáthaistriúchán gnó
- Aistriúchán doiciméad don tionscal uathghluaisneach
- Aistriúchán doiciméad teicniúil
- Aistriúchán lámhleabhar
- Doiciméid rialtais
- Doiciméid Sláinte agus Sábháilteachta
- Aistriúchán chonarthaí na bhfostaithe
- Aistriúchán suímh ghréasáin (XML, HTML agus CMS)
- Aistriúchán dlíthiúil: Doiciméid agus conarthaí
- Aistriúchán leighis: Doiciméid Othar agus Chliniciúla
Is dúshlánach an próiseas é aistriúchán gréasáin, le haghaidh comhlacht ar bith.
Is gá go mbíonn do shuíomh in ann tacaíocht carachtar eachtrannach a láimhseáil agus is gá go gcuireann na haistritheoirí cód glan ar fáil le haghaidh chomhtháthú an tsuímh ghréasáin.
Oibríonn ár n-aistritheoirí i dtimpeallacht chosanta, rud a chuireann ar ár gcumas comhaid ghréasáin ghlana aistrithe a sheoladh ar ais chugat. Má úsáideann tú HTML statach, ASP, XML nó do chóras bainistíochta ábhair (CMS) féin, tá an saineolas teicniúil againne le cabhrú leat an chéad suíomh gréasáin eile agat a sheoladh i dteanga ar bith.
Tacaíocht Dhomhanda STAR
950 Fostaí - 45 Oifig Dhomhanda
Cuireann STAR-TS aistriúchán ar fáil ónar n-oifigí i mBaile Átha Cliath in Éirinn, le cabhrú lenár gcliaint tuilleadh gnó idirnáisiúnta a dhéanamh agus cumarsáid a dhéanamh le tuilleadh daoine ar fud an domhain. Cuirimid aistriúchán teangacha ar fáil i mbreis is 40 teanga.
Tá STAR TS mar chuid de Ghrúpa STAR, arb é an comhlacht príobháideach is mó san Eoraip do sheirbhísí teicniúla teangacha.
|
Más in Éirinn nó sa RA atá siad, is gá go dtuigfeadh na fostaithe go léir an reachtaíocht sábháilteachta. Cabhraíonn ár seirbhísí aistriúcháin gairmiúla leat áit shábháilte a chur ar fáil le haghaidh d'oibrithe eachtrannacha go léir.
Is mór an dua é polasaithe ardchleachtais AD agus Fostaithe a chur i bhfeidhm, i gcás gach roinn AD. Aistrímid lámhleabhair d'fhostaithe agus eolas AD, le cabhrú leat cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach le d'fhostaithe go léir.
Tá STAR ag aistriú don tionscal uathghluaisneach le breis is 20 bliain. Aistrímid ábhar réamh-mhargaidh agus iar-mhargaidh araon do chuid de na déantúsóirí uathghluaisneacha is mó ar domhan. Más déantóir buntrealaimh (OEM) nó soláthraí tríú sraith thú, tá an t-eolas teicniúil againn chun doiciméid theicniúla den chéad scoth a sholáthar duit.
I gcásanna d'aistriúchán teicniúil, is gá go mbíonn an téarmaíocht i gceart agat ó thús, le go mbeidh rath air mar dhoiciméid theicniúla den scoth. Is féidir lenár bhfoirne aistriúcháin theicniúil léiriú duit cén chaoi is fearr chun an leas is mó a bhaint as do chumarsáid ilteangach theicniúil.
Tá STAR ar cheann de na soláthraithe is mó atá chun tosaigh ó thaobh teicneolaíocht teanga agus breis is 20 bliain taithí acu sa réimse sin. Is iad smaointe inbhuanaithe, úsáideoirí díograiseacha agus forbairt leanúnach na n-uirlisí, na príomhfháthanna a bhfuil rath leanúnach margaidh ar Transit, TermStar agus ar WebTerm. Is féidir lenár dteicneolaíocht aistriúcháin cabhrú leat an leas is mó a bhaint as do thionscadail aistriúcháin. Is féidir leat téarmaíocht a sheiceáil, obair a dhéanamh i réimse formáidí comhad agus fiú seiceáil má d'aistrigh tú rud áirithe roimhe seo.

Foghlaim faoi Transit NXT
Má tá tú bunaithe sa RA & in Éirinn, bain triail as Transit NXT. Féach ar na gnéithe nua agus ar an gcaoi a dtapóidh siad do thionscadal aistriúcháin agus é a dhéanamh níos costéifeachtaí. Dá mba mhaith leat triail a bhaint as an táirge, seol ríomhphost chuig: 
Maidir le cliaint i gcodanna eile den domhan, tabhair cuairt ar www.star-group.net
Íoslódáil Bróisiúr Transit NXT.
|